Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beanna Boirche agus an taiscumar i nGleann an Chiúnais le feiceáil sa chúlra
Is sliabhraon iad Beanna Boirche. Tá na sléibhte seo suite ar chósta Chúige Uladh, i ndeisceart Chontae an Dúin. Tá an sliabh is airde i gCúige Uladh, Sliabh Dónairt, suite sa sliabhraon seo.
Ciallaíonn beann ‘barr sléibhe nó píosa den sliabh a ghobann amach’
Baineann an t-ainm Beanna Boirche le hairde na sléibhte. Tagann Beanna ón fhocal ‘binn’, a chiallaíonn barr sléibhe. Síleann roinnt daoine go dtagann an dara focal Boirche, ó ‘bharr sléibhe’ fosta – agus gur bairrche a bhí ann ar dtús – na bairr. Ach, tá a lán daoine eile ann a deir go mbaineann an focal ‘Boirche’ le sean-dia Ceilteach. Mar a tharlaíonn go minic i gcás logainmneacha, tá scéal ag baint leis an ainm seo.
Boirche – an bhfuair na sléibhte seo a n-ainm uaidh?
Deir daoine gur aoire é Boirche a mhair sa 3ú haois. Ba é Boirche a thug aire d’eallach Rí Uladh, thuas sna sléibhte. Bhí bua an cheoil aige agus bhí sé iontach maith ag troid fosta. Rinne sé píoba as crainn in aice leis an Loch Gorm. Tá scéalta ann gur féidir é a chluinstin ag seinm go fóill!
Is ceantar fíorálainn é ceantar Bheanna Boirche
Is ‘limistéar sáráilleachta nádúrtha’ é ceantar Bheanna Boirche. Seo stádas oifigiúil a thugann an rialtas do cheantair atá iontach álainn agus atá iontach tábhachtach ó thaobh na timpeallachta de. Ciallaíonn sé go gcaithfidh feirmeoirí agus na daoine a chónaíonn agus a thugann cuairt ar an cheantar cloí le rialacha speisialta leis an cheantar a choinneáil álainn.
Múnlaíodh na sléibhte thar na milliúin bliain
Múnlaíodh na sléibhte seo thar na milliúin bliain. Thart ar 450 milliún bliain ó shin, tháinig dhá phíosa mhóra talaimh le chéile. Bhrúigh sé seo laibhe agus carraig leáite as thíos faoin talamh suas. D’fhuaraigh an laibhe seo go mall, ina carraig iontach crua. Tugaimid eibhear ar an chineál carraige seo, sin an charraig a bhfuil na sléibhte déanta aisti. Ansin, thart ar 25,000 bliain ó shin, nuair a bhí an oighearaois dheireanach ann, shleamhnaigh oighearshruthanna móra thar an talamh. Is leaca móra oighir a bhí anseo agus ghearr siad amach na gleannta agus na beanna atá fágtha sa sliabhraon sa lá atá inniu ann.
Na beanna is airde le feiceáil sa spéirlíne
Tá 12 bheann arda sa sliabhraon seo chomh maith le go leor sléibhte agus cnoc níos lú. Tá Beanna Boirche suite i ndeisceart Chontae an Dúin. Is iad na bailte móra is cóngaraí don sliabhraon ná an Caisleán Nua ar an taobh thuaidh, Cill Chaoil, ar an taobh theas agus Caisleán Ruairí ar thaobh thiar theas.
Tá Beanna Boirche suite in oirdheisceart Chontae an Dúin
Achan bhliain, glacann na céadta duine páirt sa dúshlán leis na seacht sliabh is airde a dhreapadh in aon lá amháin
Achan bhliain, bíonn dúshlán ann darb ainm ‘Na Seacht Seacht.’ Caithfidh tú siúl (nó rith) suas na seacht sliabh is airde (tá siad uilig níos mó ná 700 méadar ar airde) in aon lá amháin. Tagann daoine go ceantar Bheanna Boirche as gach cearn den tír leis an dúshlán seo a dhéanamh! Seo iad na seacht sliabh atá níos airde ná seacht gcéad méadar:
⛰️ Sliabh Dónairt – 850m ⓘ
⛰️ Sliabh Coimhéideach 767m
⛰️ Sliabh Binneáin 747m
⛰️ Sliabh Bearnach 739m
⛰️ Sliabh Míol Beag 708m
⛰️ Sliabh Míol Mór 704m
⛰️ Sliabh Lámhagáin 704m
FÍRICí FÁNACHA:
Ar thug tú faoi deara go bhfuil Sliabh Míol Beag níos airde na Sliabh Míol Mór?
Pictiúr de Shliabh Míol Mór (ar dheis) a tógadh ó Shliabh Míol Beag (is féidir balla Bheanna Boirche a fheiceáil chomh maith)
Dá mbeifeá ar Shliabh Míol Mór, ar Shliabh Coimhéideach nó ar Shliabh Dónairt, d’fheicfeá botháin foscaidh ag an bharr. Tógadh na botháin seo chun na hoibrithe a chosaint ón drochaimsir.
Ceann de na botháin foscaidh (ar bharr Shliabh Míol Mór)
Tógadh Balla Bheanna Boirche idir 1904 – 1922 le hainmhithe a choinneáil ar shiúl ón taiscumar agus ón damba i nGleann an Chiúnais. Ritheann sé thar 15 shliabh agus tá sé 22 míle ar fad.
Tá an balla seo 22 míle ar fad!
Le blianta beaga anuas, tá saoir chloiche as an cheantar ag cóiriú an Bhalla. Achan lá, caithfidh siad na sléibhte a shiúl agus cloch ar bith atá i ndiaidh titim den balla a chur suas arís. Rud atá speisialta faoi na hoibrithe seo ná go mbíodh a muintir ag obair ar an bhalla chéanna blianta ó shin rompu.
Is áit dhraíochta é ceantar Bheanna Boirche, nó ‘Ríocht Mhúrna’, mar a thugtar ar an cheantar ó am go chéile. Thug an ceantar seo inspioráid don scríbhneoir C.S Lewis agus é ag scríobh ‘An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh’ agus scríobh Percy French amhrán faoi cheantar Bheanna Boirche.
Fuair CS Lewis inspioráid don leabhar seo ó cheantar Bheanna Boirche
Is fiú go mór dul ar thuras chuig Beanna Boirche. Seans go gcluinfidh tú Boirche féin!
Naisc:
Beidh do mhúinteoir ábalta físeán den amhrán le Percy French a thaispeáint duit anseo: https://www.youtube.com/watch?v=ZM24A7urS1w
Eolas breise (i mBéarla):
https://www.walkni.com/mourne-mountains-destination/
https://www.visitmournemountains.co.uk/
https://www.mourne-mountains.com/mournes/