Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Leictreachas
Is cineál fuinnimh é an leictreachas. Bainimid úsáid as leictreachas le soilse agus meaisíní a chur ar obair. Faighimid leictreachas ón phríomhlíonra cumhachta nó ó chadhnraí.
In amanna, tagann leictreachas chugainn trí cháblaí lasnairde
Is trí cháblaí a thagann leictreachas isteach sa teach againn ón phríomhlíonra. Baineann gléasanna amhail teilifíseáin agus cuisneoirí úsáid as cumhacht leictreach ón phríomhlíonra.
Stórálann cadhnraí leictreachas fosta
Stórálann cadhnraí cumhacht leictreach. Úsáidimid cadhnraí i gcianrialtáin agus i dtóirsí.
Tugaimid seoltóirí ar ábhair a ligeann don leictreachas seoladh tríothu. Is seoltóir maith é an miotal. Tá ábhair eile ann nach ligeann don leictreachas seoladh tríothu. Deir muid gur inslitheoirí iad na hábhair seo. Is inslitheoir é plaisteach agus is inslitheoir é adhmad.
Seolann cuid mhór cineálacha difriúla miotail an leictreachas. Seolann uisce leictreachas fosta, sin an fáth a mbíonn orainn a bheith cúramach le rudaí leictreacha thart ar uisce nó má bhíonn na lámha fliuch againn!
Caithfidh muid bheith ciallmhar thart ar shoicéid chumhachta mar is féidir an leictreachas a bheith iontach contúirteach!
Tá an leictreachas úsáideach ach bíonn sé iontach contúirteach fosta – cad é an fhadhb sa dá phictiúr thuas?
Gníomhaíocht
Tá leictreachas tábhachtach inár saol. Déan liosta de na rudaí leictreacha nó leictreonacha a mbaineann tú úsáid astu.
Ciorcaid
Is lúb dhruidte é ciorcad a seolann leictreachas tríd. Bíonn sreangacha leictreacha sa chiorcad agus iad ceangailte de ghléasanna a úsáideann leictreachas. Bíonn ciorcaid in úsáid againn achan uile lá. Mar shampla, tá na bolgáin solais uilig sa teach mar chuid de chiorcad. B’fhéidir go mbeadh ciorcad amháin ann do na soilse thuas staighre agus ciorcad eile do na soilse thíos staighre.
2 léaráid chiorcaid shimplí – cad é an difear eatarthu? Cad é atá ag tarlú i ngach ciorcad?
Agus muid ag foghlaim faoi chiorcaid, bainimid úsáid as siombailí leis na rudaí difriúla sa chiorcad a léiriú. Baineann leictreoirí úsáid as léaráidí mar seo fosta.
Cén dóigh a gcuirimid ciorcad le chéile?
Bíonn athróga in achan turgnamh, caithfidh muid a bheith cinnte go ndéanann muid triail chothrom. Is é atá i gceist le hathróga ná rudaí is féidir linn a athrú nó a ríomh. Le triail chothrom a dhéanamh, caithfidh muid na comhpháirteanna céanna a úsáid.
Baintear úsáid as na comhpháirteanna seo:
Cadhnraí AA x 2 (1.5 Volta)
Gabhdán cadhnraí x 1
Cró bolgáin x 1
Bolgán solais x 1 (2.5 Volta)
Sreang x 3
Lasc
Na comhpháirteanna
Is ciorcad simplí é seo. An dtig leat an bolgán solais a lasadh?
An ciorcad simplí céanna – cadhnra, bolgán solais agus lasc
TURGNAMH
Cad é a tharlaíonn nuair a chuireann tú bolgán solais eile leis an chiorcad?
Ar dtús, déan plé le do chara agus ansin, scríobh síos do thuar. Beidh cró bolgáin, bolgáin solais agus dhá shreang leictreacha eile de dhíth.
Is féidir amharc ar na trí fhíseán seo thíos le cuidiú a fháil.
I ndiaidh duit an turgnamh a dhéanamh, amharc ar an tuar a scríobh tú. An raibh an ceart agat? Scríobh síos na torthaí.
Nuair a bhí an ciorcad déanta againn, chuaigh an leictreachas ó na cadhnraí tríd an mhiotal sa tsreang go dtí an bolgán solais. Ba chiorcad druidte é, ciallaíonn sé sin nach raibh bearnaí ar bith ann agus go raibh sruth leictreachais ann. Cionn is go raibh lasc againn, nuair a bhrúigh mé síos ar an lasc, las an solas. Nuair nach raibh an lasc thíos, ní raibh sruth leictreachais ann agus ní raibh an bolgán solais lasta.