Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bunalt le Caoimhe Ní Dhaibheid
Ar smaoinigh tú riamh ar cén fáth a bhfuil fiacla de chineálacha difriúla ag ainmhithe éagsúla? Ní hionann fiacla an tsiorca bháin mhóir agus fiacla an duine, ach cén fáth?
Braitheann na cineálacha fiacla atá ag ainmhithe ar an bhia a itheann siad. Mar shampla, tá ainmhithe ann mar chapaill agus eilifintí a itheann plandaí amháin. Cuirtear luibhiteoirí ar na hainmhithe seo. Caithfidh fiacla na n-ainmhithe seo a bheith géar agus dromchla cothrom orthu chun plandaí a bhrú agus a bhriseadh síos.
Luibhiteoir – ainmhí a itheann plandaí amháin
Fiacla an choinín. Tá dromchla cothrom, géar ar achan fhiacail le cuidiú leo plandaí a ithe.
Ar an lámh eile, tá ainmhithe ann nach n-itheann ach feoil amháin. Cuirimid feoiliteoirí orthu. Is feoiliteoirí iad an leon agus an mac tíre, agus caithfidh na fiacla s’acu a bheith mór biorach chun feoil a ghearradh.
Feoiliteoir – ainmhí a itheann feoil amháin
Fiacla an leoin. Cuidíonn na fiacla bioracha leo feoil a stróiceadh.
Ansin, tá uiliteoirí againn. Seo an t-ainm a thugaimid ar ainmhithe a itheann idir phlandaí agus fheoil. Tá meascán d’fhiacla móra bioracha agus fiacla géara cothroma de dhíth orthu chun feoil agus plandaí a ithe. Is uiliteoirí iad béir, madaí agus, ar ndóigh, an chuid is mó de na daoine.
Uiliteoir – ainmhí a itheann plandaí agus feoil
Fiacla an bhéir. Amharc go géar – tá meascán d’fhiacla móra bioracha acu agus fiacla le dromchla cothrom orthu. Is féidir leis na hainmhithe seo feoil agus plandaí a ithe.
Cosúil leis an bhéar, tá meascán de chineálacha fiacla de dhíth ar dhaoine le cuidiú linn ár mbia a ithe. Tá 4 chineál fiacla i mbéal an duine a dhéanann jabanna speisialta. Seo iad:
1. Na Clárfhiacla
Tá na fiacla seo suite chun tosaigh sa bhéal agus bíonn siad le feiceáil nuair a bhíonn cuma shona shásta ort. Úsáidtear na fiacla seo chun greim a bhaint as bia - mar shampla, úll nó ceapaire, agus chun bia a ghearradh suas go píosaí níos lú. De ghnáth, bíonn 8 gclárfhiacail ag an duine fásta.
Clárfhiacail
2. Na Starrfhiacla
Suíonn na starrfhiacla taobh leis na clárfhiacla agus is fiacla fada, géara iad. An chuid is mó den am, bíonn 4 starrfhiacail againn agus cuidíonn na fiacla bioracha seo linn bia a stróiceadh, mar shampla, feoil a bhaint ó chnámh. Coimhéad – de réir an traidisiúin, bíonn starrfiacla an-ghéar ag vaimpírí!
Na starrfhiacla
3. Na Fiacla Leathchúil
Tugann an t-ainm leid dúinn! Tá na fiacla seo suite leath bealaigh idir na starrfhiacla agus na fiacla ag cúl an bhéil. Úsáidimid na fiacla leathchúil le cuidiú linn bia a chogaint nó a bhriseadh síos i bpíosaí níos lú. Bíonn 8 bhfiacail leathchúil sa bhéal go hiondúil.
Na fiacla leathchúil
4. Na Fiacla Cúil
Iontas na n-iontas, tá na fiacla cúil suite ag cúl an bhéil! Is iad seo na fiacla is mó atá againn agus, de ghnáth, bíonn idir 8 agus 12 cheann ann i mbéal an duine fhásta. Cosúil leis na fiacla leathchúil, tá na fiacla cúil an-tábhachtach chun bia a chogaint agus a bhriseadh síos.
Na fiacla cúil
Mar sin, i ngnáthbhéal an duine fhásta, bíonn 32 fiacail san iomlán.