Stair na scolaíochta in Éirinn

Dé Luain, an 16ú Nollaig 2024


Caoimhe Ní Dhaibhéid a scríobh an bunalt

Caitheann tú cúig lá gach seachtain ar scoil, ach ar smaoinigh tú riamh ar an dóigh ar thosaigh an scolaíocht in Éirinn?

Luathbhlianta na scolaíochta

Tá clú ar an tír seo ar fud an Domhain mar Oileán na Naomh agus na nOllúna. Is dócha gur thosaigh an cháil seo tamall fada ó shin, thart ar an bhliain 450 AD. Sa tréimhse seo, tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn agus, mar sin, tugtar Ré na Críostaíochta uirthi. Rud mór a tháinig leis an Chríostaíocht ná an scríobh.

Thug Naomh Pádraig an Chríostaíocht go hÉirinn

Bhí córas eile scolaíochta in Éirinn ag an am chomh maith. Bhí áit speisialta ag na baird agus na filí agus fuair daoine áirithe oideachas sna bardscoileanna. D’fhoghlaim siad an dóigh le filíocht a chumadh agus na scileanna a bhí de dhíth. Scil mhór amháin a bhí de dhíth ná an dóigh le filíocht a chur de ghlanmheabhair nó, ag an am, níor scríobh na filí na dánta s’acu. Cúrsa seacht mbliana a bhí ann le bheith i d’fhile.

Faoin bhliain 850, bhí breis agus 3,000 manach sa tír agus bhí an-suim acu sa léamh agus sa scríobh. Bhunaigh siad áiteanna foghlama sna mainistreacha ina raibh siad ina gcónaí. Bhí mná rialta ann chomh maith agus bhí siadsan ina gcónaí i gclochair. Sin án áit a bhfuair cailíní oideachas.

Bean rialta fadó

Ach ní raibh oideachas ar fáil do gach duine, bhí sé ann do na filí agus daoine a bhí ag dul a bheith ag obair san eaglais mar shagart, bean rialta nó manach.

Cill Mhic Dhuach, seanmhainistir i gContae na Gaillimhe

Tionchar an reiligiúin

Cionn is go raibh ról lárnach ag na manaigh agus na mná rialta san oideachas in Éirinn, bhí dlúthcheangal idir an scolaíocht agus an creideamh Caitliceach. Níos moille sa stair, faoin 19ú haois, áfach, bhí Éire faoi riail Impireacht na Breataine. De réir an dlí, ní raibh cead ach ag Anglacánaigh freastal ar scoil.

Teampall Chríost, Baile Átha Cliath, príomháit na nAnglacánach in Éirinn

Cuireadh an chéad leabhar Gaeilge i gcló sa bhliain 1571. Bhain cuid den leabhar leis an chreideamh Chaitliceach. Sa bhliain 1685, chuir Anglacánaigh an chéad Bhíobla amach.


Scoileanna scairte

Le freastal ar na páistí eile sa tír nach Anglacánaigh iad, cuireadh scoileanna neamhoifigiúla ar bun. Bhí an chuid is mó acu ina scoileanna scairte – ranganna a tharla amuigh faoin spéir go minic. Faoi na blianta 1820, bhí thart ar 11,000 scoil sa tír, an chuid is mó acu ina scoileanna scairte.

Corruair, bhí foirgneamh beag ag an scoil scairte

Bhí Cumann Phlás Chill Dara ann fosta a raibh ard-oifig acu i mBáile Átha Cliath. Thóg siadsan scoileanna, d’fhoilsigh siad téacsleabhair agus d’íoc siad pá na múinteoirí. Bhí sé mar aidhm acu oideachas a chur ar fáil do pháistí bochta na tíre.


Scoileanna Náisiúnta

Ansin, in 1831, bhunaigh Rialtas na Breataine scoileanna náisiúnta in Éirinn. Thóg siad scoileanna agus dhíol siad as na múinteoirí. D’fhreastail páistí idir 6-12 bliain d’aois ar na scoileanna seo saor in aisce agus ba chuma cén creideamh a bhí acu.

Scoil Náisiúnta Mhuraisce i gContae Mhaigh Eo

Lá scoile sa 19ú Aois

Thosaigh an lá scoile ar 8.00 ar maidin, de ghnáth. Ghlac an múinteoir an rolla agus ansin thosaigh na páistí ar an obair scoile. Ba ghnách leis na páistí ar fad a bheith in aon seomra ranga amháin leis an mhúinteoir chéanna. In amanna, fiú, thóg na daltaí isteach fóid mhóna leis an seomra a théamh.


Sna laethanta sin bhí an fhoghlaim dírithe ar an léamh, an pheannaireacht agus an uimhreas. Cé go raibh an Ghaeilge mar príomhtheanga ag cuid mhaith de na páistí, bhí gach rud déanta trí mheán an Bhéarla.

Peannaireacht

Bhíodh pionós corpartha ceadaithe agus in úsáid go forleathan. Ní raibh cead acu an Ghaeilge a labhairt agus baineadh úsáid as an mbata scóir le cosc a chur ar an Ghaeilge. Cuireadh marc ar an bhata gach uair a labhair an páiste Gaeilge. Ag deireadh na seachtaine fuair na páistí pionós, ag brath ar an mhéid marcanna a fuair siad.

Bata scóir

Thug Pádraig Mac Piarais ‘The Murder Machine’ ar na scoileanna náisiúnta nó mharaigh siad an Ghaeilge i gcuid mhaith den tír. Chomh maith leis sin, níor fhoghlaim na páistí ach faoi stair Shasana agus Impireacht na Breataine seachas stair na hÉireann.


Is mór, mar sin, idir Aois na Naomh is na nOllúna agus Aois an Bhata agus na Bagairte. Nach méanar dúinn a bheith beo san 21ú aois – Gaeloideachas saor in aisce, teas lárnach agus múinteoirí mánla!


Le plé:

An rud maith é go mbíonn páistí ag foghlaim an dóigh le léamh. Nó arbh fhearr ligean do pháistí gan léamh a dhéanamh? Smaoinigh faoi dhá bhuntáiste do do chás.


Pictiúir:

SN Murrisk: Wozzie / Shutterstock.com

Páistí ag dul ar scoil: John And Penny / Shutterstock.com

Ardeaglais Theampall Chríost: Kirk Fisher / Shutterstock.com


meas