Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An bhfuil tú ag dúil leis an Nollaig? Cad é an rud is fearr leat faoin Nollaig?
✅ bronntanais
✅ bheith saor ón scoil
✅ maisiúcháin agus soilse a chur suas i do theach agus iad a fheiceáil in áiteanna eile
✅ cuid mhór milseán a ithe
✅ amharc ar scannáin na Nollag
✅ do sháith bia a ithe ag Dinnéar na Nollag
✅ am a chaitheamh le do theaghlach
✅ seó na Nollag a dhéanamh ar scoil
Le fírinne, cuireann na nósanna seo ar fad go mór mór le hatmaisféar agus le ceiliúradh na Nollag. Ach, bíonn na nósanna seo ag athrú thar na blianta, mar shampla, dinnéar na Nollag.
Cad é a bheidh agaibhse le hithe mar Dhinnéar na Nollag i mbliana? Bíonn turcaí agus liamhás ag go leor daoine sa lá inniu. (Tá siad beirt le feiceáil sa phictiúr thuas.) Ach, bhí sé i bhfad níos coitianta fadó go mbeadh gé ag teaghlaigh do Dhinnéar na Nollag.
(Gé rósta)
Tá na géanna ar fáil in Éirinn le 4,000 bliain anuas ar a laghad. Is éan Meiriceánach é an turcaí, áfach, agus ní raibh siad le fáil in Éirinn go dtí cúpla céad bliain ó shin. Ach, is éan mór ramhar é an turcaí. Mar sin, faigheann tú níos mó feola as, rud a bhí maith nuair a tháinig slua mór daoine le chéile do Dhinnéar na Nollag.
(turcaí agus gé)
Ach sa lá inniu, is minic a bhíonn rudaí eile le hithe ag daoine um Nollaig, mar shampla, mairteoil, uaineoil, muiceoil nó iasc. Agus bíonn roghanna eile difriúla ag na feoilséantóirí.
(rogha amháin do na feoilséantóirí)
Is cuid iontach tábhachtach de Dhinnéar na Nollag iad na glasraí agus gach rud a théann leis an turcaí (nó cibé cineál feola a bhíonn ann). De ghnáth, bíonn ar a laghad trí cinn amach as an liosta seo thíos ar an phláta:
🍽️ meacain dhearga
🍽️ meacain bhána
🍽️ Bachlóga Bhruiséile
🍽️ prátaí rósta
🍽️ prátaí brúite
🍽️ búiste
🍽️ anlann mónóg
🍽️ súlach
Ina dhiaidh sin ar fad, tá sé traidisiúnta go n-itheann daoine maróg Nollag, nó císte Nollag le custard. Ach, bíonn an dá bhia sin trom go leor agus b’fhéidir nach mbeadh an spás agat dóibh i ndiaidh do dhinnéir!
Le plé nó le déanamh
🎄 Cad a bheidh agatsa mar dhinnéar na Nollag i mbliana agus cad í an chuid is fearr leat den dinnéar iomlán?
🎄 An maith leat milseáin a ithe um Nollaig? Cad é an cineál milseán / milseoige is fearr leat?
🎄 An bhfuil bia ar bith nach maith leat a fháil um Nollaig? Cad é atá ann agus cad chuige nach maith leat é?
🎄 Cuardaigh nó tarraing pictiúir leis na bianna éagsúla a léiriú ar an liosta de ghlasraí agus bianna breise thuas (bachlóga Bhruiséile, srl.)
🎄 Tarraing pictiúr den Dinnéar Nollag a bhíonn agat i do theach. An bhfuil sé mar an gcéanna nó difriúil le pictiúr do charad? Cad iad na cosúlachtaí agus difríochtaí eatarthu?