Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bunalt le Alvina Sousa Ua Bruadair
Clúdaíonn foraois bháistí na hAmasóine cuid mhaith den Bhrasaíl agus tíortha thart uirthi
Réamhrá
Is í foraois bháistí na hAmasóine an fhoraois bháistí is mó ar domhan. Tugann an fhoraois bháistí baile do thart ar mhilliún duine bundúchasach, pobail atá ina gcónaí inti ar feadh na mílte bliain. Tugtar ‘bundúchasaigh’ ar na daoine seo agus tá thart ar mhilliún acu go fóill san fhoraois, an chuid is mó acu sa Bhraisíl. Tá treibheanna éagsúla de na bundúchasaigh ann. Bíonn a dteanga agus a gcultúr féin ag na treibheanna difriúla. Síleann eolaithe go bhfuil níos mó na 274 teanga dhúchais ann ach níl siad iomlán cinnte nó ní maith le gach treibh meascadh le daoine ón taobh amuigh.
Cionn is go bhfuil an pobal bundúchasach ina gcónaí san fhoraois chomh fada sin, maireann siad ar bhealach a léiríonn go dtuigeann siad an dúlra agus go bhfuil meas acu air.
Saol an phobail
Maireann treibheanna bundúchasacha i bpobail faoi cheannaireacht an Cacique (taoiseach). Bíonn Pajé (ceannaire spioradálta, meascán de shagart agus dochtúir) ag cuid mhaith acu fosta. Bíonn cuid mhór ar eolas ag an Pajé faoin dúlra agus faoi phlandaí. Is féidir go leor de na plandaí a úsáid mar leigheas nuair a bhíonn daoine tinn.
Cacique Tupac Amaru ar nóta bainc i bPéiriú
Feirmeoireacht
Ar feadh na mílte bliain, thug na bundúchasaigh cúram maith don fhoraois bháistí. Sa lá inniu, cleachtann go leor treibheanna dúchasacha talmhaíocht nach gcuireann isteach ar an fhoraois go mór. De ghnáth, glanann na daoine píosa beag talaimh taobh istigh den fhoraois, cuireann siad barra ar feadh cúpla bliain agus, ansin, bogann siad go píosa eile agus ligeann don fhoraois fás ar ais. Ach dá ndéanfaí seo ar mhórscála, ní bheadh sé maith don fhoraois bháistí.
Bailiú
Bíonn treibheanna bundúchasacha ag brath ar thorthaí, cnónna agus plandaí trópaiceacha fiáine a bhailiú faoi choinne bia agus leighis. Tá a fhios ag na bundúchasaigh go leor faoi phlandaí. Úsáideann siad iad chun leigheasanna nádúrtha a dhéanamh.
Seilg
Bíonn na treibheanna bundúchasacha ag brath ar sheilg agus ar iascaireacht fosta. Bíonn siad ag seilg ar bhealach inbhuanaithe. Ní bhíonn siad ag iascaireacht nuair a bhíonn an t-iasc ag pórú agus ní sheilgeann siad ainmhithe atá ag tabhairt bia dá n-óga.
Slí mhaireachtála
Deirtear go mbíonn saol níos simplí ag na bundúchasaigh nó níl leictreachas ag an chuid is mó acu agus, mar sin, ní chaitheann siad uaireanta an chloig ar an ríomhaire, ar an ghuthán ná ag amharc ar an teilifís. Ní gá dóibh dul ag obair ná a lán rudaí eile a dhéanamh. Taobh amuigh den tseilg agus den bhailiú bia, tógann siad a gcuid tithe féin a bhíonn déanta de chrainn, duilleoga agus bambú. Is minic a dhéanann siad teach mór ina mbíonn gach duine sa treibh ina gcónaí. Ní bhíonn uisce reatha ná leithris sa teach seo ach, ar ndóigh, bíonn go leor spáis san fhoraois ollmhór don leithreas!
Cultúr
Cuireann an cultúr bundúchasach béim láidir ar dhlúthpháirtíocht, ar phobal agus ar roinnt. Roinneann siad béilí agus acmhainní. Bíonn siad ag obair agus ag seilg le chéile fosta.
Saol spioradálta
Amharcann cultúir bhundúchasacha san Amasóin ar an domhan nádúrtha mar rud atá naofa agus atá lán le tábhacht spioradálta. Tá an Pajé freagrach as deasghnátha agus searmanais. Cuidíonn an creideamh spioradálta seo leis an chomhshaol a chosaint agus cothromaíocht a choinneáil sa nádúr.
Creideamh
Creideann siad gurb í an ‘ghrian’, Tupa, dia na rudaí agus Jaci, an ghealach, bandia na hoíche. Creideann siad gurb é an ‘tine’ Boitátá, an diabhal, agus gurb é an cruth atá air ná nathair ollmhór.
Ceiliúradh cultúrtha
Bíonn go leor féilte ag na bundúchasaigh le linn na bliana. Ag na féilte seo, bíonn siad ag ceol, ag damhsa agus ag scéalaíocht. Is cuid lárnach de shaol an phobail an ceiliúradh seo.
Potaí a rinne na bundúchasaigh
Oideachas traidisiúnta
Cuid mhaith de na pobail bhundúchasacha, ní théann na páistí chuig gnáthscoil mar atá againne in Éirinn. Ach tá saibhreas d’eolas traidisiúnta ag seanóirí bundúchasacha a fuair siad ó bhéil a sinsear. Is féidir leo an aimsir a thuiscint, a mbealach a aimsiú san fhoraois agus leigheas a dhéanamh as plandaí. Tosaíonn páistí ag foghlaim agus iad iontach óg.
Léiríonn treibheanna bundúchasacha i bhforaois bháistí na hAmasóine an dóigh ar féidir leis an chine dhaonna cónaí i measc an dúlra, gan an nádúr a scriosadh. Coinníonn a slí mhaireachtála iad féin agus an nádúr beo.
Faigheann na páistí oideachas ón teaghlach agus ón treibh
Le déanamh:
Samhlaigh go bhfuil tú mar chuid de threibh i bhforaois bháistí na hAmasóine. Scríobh dialann lae de na rudaí a dhéanann tú. Ná déan dearmad gur gá duit gach rud a bheidh de dhíth a fháil duit féin nó a bhailiú tú féin.
Léigh an t-alt seo le tuilleadh eolais a fháil ar fhoraois bháistí na hAmasóine.
Pictiúir:
Treibh ag gabháil cheoil: Paulo Jr / Shutterstock.com
Treibh Kukama i bPeiriú: Nowaczyk / Shutterstock.com
Bundúchasach san fhoraois: Joa Souza / Shutterstock.com
Máthair agus páistí: Milton Rodriguez / Shutterstock.com