Craic agus ceol!

An 10ú Nollaig, 2024


Bíonn an aimsir fuar agus dorcha sa gheimhreadh. In amanna, cuireann seo gruaim orainn.


Ach, tá bealach amháin lenár gcroíthe a thógáil arís, fiú sa drochaimsir. Cad é an bealach sin? Éist le ceol agus bí ag damhsa!


Seo amhrán beag spraíúil daoibh faoin gheimhreadh - “Sneachta”.

Éist leis, bí ag damhsa agus bí ag canadh!


(amhrán le Futa Fata Féasóg, trí Youtube.com. ©Tadhg Mac Dhonnagáin)


Ba sheanbhonn airgid í an scilling a bhíodh in úsáid in Éirinn blianta ó shin. 



Le plé agus le déanamh

An maith leat an t-amhrán seo? Cad é is maith leat faoi?


An raibh tú ag súgradh sa sneachta roimhe? Cad é a rinne tú? Ar bhain tú sult as?


Tarraing pictiúir le véarsaí an amhráin a léiriú.


Can na focail agus déan damhsa leis an amhrán. B’fhéidir gur mhaith le do rang físeán a sheoladh isteach chugainn díobh ag canadh agus ag damhsa leis an amhrán seo?


A mhúinteoirí, Is féidir libh focail an amhráin seo a íoslódáil anseo. Tagann an t-amhrán seo ó albam de chuid Futa Fata Féasóg (Tadhg Mac Dhonnagáin). Is féidir libh teacht air agus ar amhráin ghleoite eile dá chuid do pháistí anseo


meas