Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

70 bliain ó shin, bhí na ríomhairí chomh mór le seomra
Bhí am ann nuair a bhí ríomhairí mór agus níor úsáid ach saineolaithe iad. Sa lá inniu, tá ríomhaire cumhachtach ag gach duine, más sa ghuthán póca atá sé nó sa táibléad nó sa ríomhaire glúine. Chomh maith leis sin, bíonn ríomhairí sa teilifíseán, sa charr agus fiú sna cuisneoirí is nua.
Is furasta dearmad a dhéanamh ar an obair agus ar an eolaíocht a bhaineann leis na ríomhairí atá le feiceáil gach áit na laethanta seo. Tugtar ‘ríomheolaíocht’ ar an staidéar seo ar ríomhairí. Agus tá seachtain speisialta ann le cuidiú linn díriú ar an ríomheolaíocht, Seachtain Eolais ar an Ríomheolaíocht, atá ar siúl an tseachtain seo.
Is é an aidhm atá leis an tseachtain ná go mbeidh seans ag gach duine páirt a ghlacadh sa ríomheolaíocht, agus b’fhéidir, lá éigin, go mbeidh siad ina saineolaithe ar an ríomheolaíocht! Chomh maith leis sin, spreagann sí múinteoirí agus daltaí le hobair phraiticiúil a dhéanamh leis na ríomhairí tríd chódú a thriail agus an cineál oibre seo a cheiliúradh. Tugann an códú na horduithe don ríomhaire le go ndéanfaidh sé rudaí.
Códú
Tá an tseachtain ar siúl ag na dátaí seo i gcuimhne ar Grace Hopper a rugadh ar 9ú Nollaig 1906. Bhí post mór ag Grace i gCabhlach na Stát Aontaithe agus bhí spéis mhór aici i gcódú ríomhairí. Scríobh sí an chéad lámhleabhar do MARK I, an chéad ríomhaire oibre i Meiriceá. Ba ise, chomh maith, a chum an téarma ‘bug’ nuair a bhíonn fabht nó fadhb ag an ríomhaire.
Ceann de na rudaí is mó a tháinig ón tseachtain seo ná Uair an Chódaithe agus thar na blianta, fuair tuilleadh agus 15 mhilliún páiste ó 167 tír blaiseadh ar an chódú. Agus an Domhan ag éirí níos forbartha, beidh úsáid níos mó arís leis an ríomheolaíocht i rudaí cosúil le leigheas, cluichí ríomhaire agus leis an intleacht shaorga. Úsáideann ríomhairí intleacht shaorga le foghlaim iad féin sa dóigh go dtiocfadh leo rudaí áirithe a dhéanamh. Ach beidh duine de dhíth go fóill leis an chéad chód a scríobh agus b’fhéidir gur tusa an duine sin!
Le déanamh:
Ar imir tú cluiche ríomhaire riamh? An raibh sé furasta a úsáid? Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhain leis? Déan liosta de na rudaí a d’athrófá leis an chluiche a fhorbairt.
Le do chara nó cairde, déan liosta de na rudaí sa bhaile nó ar scoil a mbíonn ríomhaire iontu. Nuair a bheidh an liosta déanta agaibh, cuirigí é i gcomparáid leis an ghrúpa in aice libh. An raibh na rudaí céanna agaibh nó ar fhág sibh rud mór as an áireamh?
Don mhúinteoir: cláraigh le Barefoot Coding (tá sé saor in aisce) le ceachtanna ar an chódú agus áiseanna tacaíochta a fháil i nGaeilge. Téigh anseo agus cláraigh leo. Ansin, téigh chuig ‘Mo churaclam’ agus scrolláil síos go bun an leathanaigh, áit a mbeidh áiseanna Gaeilge ar fáil agat le híoslódáil.
Pictiúir:
Coláiste Grace Hopper: Robert R Condon / Shutterstock.com