Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

(pictiúr i stíl Lowry le Gabriel Young, Gaelscoil Ghleann Darach)
Bhí muid thar a bheith sásta anseo in oifig Nuacht Anois an tseachtain seo gur roinn daltaí ó Ghaelscoil Ghleann Darach a gcuid pictiúr iontach linn. Bhí páistí Rang 7 i nGaelscoil Ghleann Darach, i gContae Aontroma, ag foghlaim faoin ealaíontóir clúiteach, LS Lowry.
(Dealbh in ómós do LS Lowry, íomhá san fhearann poiblí trí Wikimedia Commons)
Rugadh agus tógadh Laurence Stephen Lowry i Manchain, Sasana, ag deireadh an 19ú haois. Ag an am sin, bhí a lán monarchana i Manchain agus bhí na mílte duine ag obair iontu.
("Ag dul ar obair" - pictiúr a phéinteáil LS Lowry i 1943. Íomhá san fhearann poiblí trí Wikimedia Commons)
Bhí simléir mhóra sna monarchana seo agus bhí toit ag brúchtadh amach astu lá agus oíche. D’fhág sé sin go raibh an spéir i gcónaí liath agus go raibh cuma ghruama ar an chathair i rith an ama.
(pictiúr le Éabha Lyttle, Rang 7)
Ag an am, bhí ealaíontóirí eile ag tarraingt pictiúr de na cnoic agus na sléibhte, nó de na radhairc áille cois trá. Ach, níor shíl duine ar bith acu go raibh ábhar ealaíne i gcathair dhorcha ghruama cosúil le Manchain.
(pictiúr le Odhrán Murphy, Rang 7)
D’aithin Lowry, áfach, go raibh tábhacht le saol na ngnáthdhaoine a phéinteáil. Tharraing sé pictiúir de na sráideanna inar chónaigh na daoine. Tharraing sé na monarchana móra inar oibrigh siad. Tharraing sé na cait agus na madaí a bhí acu chomh maith.
(pictiúr le Olivia Anderson, Rang 7)
Bhí stíl ar leith aige. Níor úsáid sé ach cúig dhath (bán, dubh, dearg, gorm, agus buí) agus iad uilig go fann. Thar aon ní eile, bhí clú agus cáil air as na daoine “cipíneacha” a tharraing sé. Tharraing sé na céadta duine go simplí ina chuid pictiúr, lena thaispeáint gur chathair mhór phlódaithe ghnóthach a bhí i Manchain.
(pictiúr de LS Lowry le Jay Reilly, Rang 7)
Fuair Lowry bás ar an 23ú Feabhra 1976.
(pictiúr le Déaglán Smith, Rang 7)
(Gabhann Nuacht Anois buíochas le daltaí Rang 7, Gaelscoil Ghleann Darach, agus lena múinteoir, Brónagh, as a gcuid pictiúr iontach a roinnt linn. Maith sibh!)
Le plé nó le déanamh
🎨 Cad é do bharúil faoi stíl Lowry? An maith leat í? Cad é a thaitníonn leat / nach dtaitníonn leat faoin stíl a bhí aige?
🎨 An síleann tú go raibh sé tábhachtach gur tharraing sé an chathair agus na gnáthdhaoine in áit tírdhreach faoin tuath? Mínigh do fhreagra.
🎨 Cé acu is fusa a tharraingt, i do bharúil, an chathair nó an tuath?
🎨 An dtaitníonn stíl ealaíontóra eile leat? Cé acu ealaíontóir agus cén fáth ar maith leat an stíl sin?
🎨 Déan iarracht pictiúr de do scoil a tharraingt i stíl Lowry agus na daltaí ar fad sa chlós scoile mar dhaoine cipíneacha.