Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Gach seans go bhfuil tú ag smaoineamh faoi bhréagáin na laethanta seo. Tá an Nollaig ag teannadh linn agus b’fhéidir go bhfuil do liosta chuig Daidí na Nollag scríofa agat cheana féin. An mbeidh bréagán ar bith ar do liosta i mbliana?
Tá a lán cineálacha difriúla bréagán ann, ar ndóigh. Sa lá inniu:
Ach, ar smaoinigh tú riamh faoi na cineálacha cluichí agus bréagán a bhí ag daoine fadó? Mar shampla, cad é lena mbíodh do thuismitheoirí nó do sheantuismitheoirí ag súgradh nuair a bhí siadsan óg?
An mbíonn tú ag súgradh le míreanna mearaí in am ar bith?
Gach seans go raibh teidí acu, nó tá teidithe ann mar bhréagáin le breis agus 120 bliain.
Sula raibh Lego ar díol sna siopaí, ba ghnách le páistí súgradh le bloicíní adhmaid.
Cluiche eile a bhí coitianta fadó ná mirlíní.
Bhí puipéid ag na páistí fadó, in amanna, agus thiocfadh leo scéal nó dráma beag a chumadh leo.
Bhí bábóga ag na cailíní, ach go háirithe, fadó. Mura raibh a lán airgid ag an teaghlach, rinne an mhamaí bábóg as ceirteacha, in amanna, dá páiste. Bhí corp bog solúbtha ag an bhábóg mar bhí sé déanta as éadaí amháin.
Thart faoi chéad bliain ó shin sa Ghearmáin, tháinig duine aníos leis an smaoineamh do mhaide agus sprionga air a chuidigh le daoine léim in airde. Maide Pógó a thug siad air.
Na céadta bliain ó shin, bhí teaghlaigh shaibhre ábalta bréagán iontach speisialta a cheannach - an capall luascáin. Rinne siúinéir an cruth den chapall a ghearradh as adhmad sula ndearna sé mín é. Ansin, phéinteáil duine eile an capall go deas.
Le plé nó le déanamh