Cruthaigh do ríomhbheochan féin

Dé Máirt, an 19ú Samhain 2024

Bhí daltaí cruthaitheacha as Dún Pádraig ag obair le beochan dhigiteach ar na mallaibh. Cheangail siad an fhoghlaim dhigiteach leis an tSeachtain Frithbhulaíochta. I dtús báire, chum siad dánta acrastacha leis an fhocal “Tromaíocht” nó “Bulaíocht”. Ina dhiaidh sin, d’úsáid siad bogearraí Adobe le carachtar a roghnú agus chuir siad a nguthanna féin leis an bheochan. Amharc ar na físeáin iontacha a chruthaigh siad.













Más maith leat féin triail a bhaint as an tseift seo, seo iad roinnt treoracha duit.

Má bhíonn teacht agat ar an aip “Adobe Express”, beidh tú in ann na treoracha thíos a leanúint.
(Deilbhín don aip "Adobe Express")

Cad é mar a dhéanann tú taifead beochana?

 Oscail “Cuir beochan le do ghuth / Animate Your Voice” ar leathanach baile Adobe. 


  1. Tá go leor cúlraí agus carachtar ann duit. Roghnaigh cúlra amháin agus carachtar amháin.
  2. Sleamhnaigh an cnaipe “Caint Bhreisithe / Enhanced Speech” ar dheis. Cuirfidh sé seo feabhas ar chaighdeán do thaifid ghutha.
  3. Má bhaineann tú úsáid as ríomhaire nó táibléad, is dócha go mbeidh micreafón ar an ghléas sin cheana féin. Brúigh “Taifead / Record” agus lig d’Adobe fáil a bheith aige ar mhicreafón an ghléis. (Mura bhfuil micreafón ar an ghléas, plugáil ceann isteach. 
  4. Bíodh d’óráid nó píosa cainte scríofa agus réidh agat (agus in aice leat). Brúigh an cnaipe “Taifead / Record” agus fan ar an chuntas anuas le tosú. Labhair go soiléir isteach sa mhicreafón. Nuair a chríochnaíonn tú, brúigh “Déanta / Done”. Feicfidh tú cartún beag agus tú ag fanacht ar do bheochan a bheith réidh. 
  5. Nuair a bhíonn do bheochan réidh, roghnaigh “Oscail i mód eagarthóireachta / Open in Editor mode”. Sa choirnéal thuas ar chlé, cliceáil ar an téacs in aice le “Comhad / File”. Cealaigh an téacs agus cuir ainm ar do bheochan. Anois thig leat d’fhíseán beag a sheinm agus a shábháil.
(Gabhann Nuacht Anois buíochas leis na daltaí ó Bhunscoil Mhuire agus Pádraig, Dún Pádraig, as na samplaí iontacha oibre seo a chomhroinnt linn. Maith sibh a pháistí!) 

Le plé nó le déanamh
An maith leat na físeáin a chruthaigh na daltaí ó Dhún Pádraig? Cad é a thaitníonn leat fúthu?

Scríobh óráid nó dán i nGaeilge agus bain triail as beochan a chruthú tú féin le dul le do phíosa cainte.

meas