I dtuaisceart na tíre an tseachtain seo, tá an tSeachtain Frithbhulaíochta ag tarlú. Is maith an rud ár n-aird a dhíriú ar an bhulaíocht (nó an tromaíocht) ó am go chéile. Má bhíonn cúrsaí iompair á bplé againn agus má thuigimid cad é atá i gceist le dea-iompar agus mí-iompar, bíonn a fhios againn cad é ba chóir dúinn a dhéanamh faoi mhí-iompar agus is lú an seans go dtarlóidh sé dúinn.
I dtús báire, an dtuigeann sibh an difear idir bulaíocht agus coimhlint? Bíonn coimhlint ann nuair a éiríonn idir daoine. Tá sé seo nádúrtha go leor, ní chaithfidh muid uilig réiteach lena chéile an t-am ar fad. Is féidir le cairde titim amach faoi chluiche peile, mar shampla. Cuirim i gcás go ndearna gasúr amháin taicil salach ar a chomrádaí ranga lena stopadh de bheith ag scóráil ag am lóin. Is dócha go n-éireodh idir na gasúir i ndiaidh an chluiche ar feadh tamaill ghairid. Ach, má aithníonn an gasúr a rinne an taicil go ndeachaigh sé thar fóir agus é gafa leis an chluiche, thig leis a leithscéal a ghabháil lena chomrádaí agus beidh rudaí go maith eatarthu arís.
Rud eile atá sa bhulaíocht, áfach. Leis an bhulaíocht, bíonn an bulaí ag díriú ar dhuine amháin agus ag iarraidh an duine sin a ghortú d’aon turas. Leanfaidh an bulaí den mhí-iompar seo agus tarlóidh an cur isteach ar an duine céanna níos mó ná uair amháin. Tá cineálacha difriúla bulaíochta ann fosta, mar shampla -
🚫 Bulaíocht ó bhéal (cuirim i gcás, ag insint bréag faoi dhuine nó ag tabhairt masla dó / di)
🚫 Bulaíocht fhisiceach (duine a bhualadh)
🚫 Cibearbhulaíocht (ag cur isteach ar dhuine tríd na meáin shóisialta nó ar líne)
Cad é mar is féidir linn troid in éadan na bulaíochta, mar sin? Bhuel, is maith leis na bulaithe piocadh ar dhuine aonarach agus a chur ina luí ar an duine sin nach bhfuil cairde aige / aici. (Tá sé níos fusa duine aonarach a scanrú ná grúpa daoine.)
Ach, níl sé sin fíor. Má mhothaíonn tú thíos mar gheall ar bhulaíocht, tá daoine eile ann a chuideoidh leat. Labhair amach! Inis do dhuine fásta a bhfuil muinín agat as, nó inis do chara / chomrádaí ranga cad é atá ag tarlú duit. Beidh daoine eile ábalta cuidiú leat. Níl tú leat féin.
Mar fhocal scoir, ní tharlaíonn an bhulaíocht ach do bheagán daoine. Ach, tá sé de dhualgas orainn ar fad súil a choinneáil amach do dhaoine eile. Seas an fód do na daoine atá ciúin nó gan mhuinín. Cuidigh leo a bheith cróga in éadan na bulaíochta.
Inniu Lá Domhanda an Chineáltais. Tá an cineáltas ina mhalairt iomlán den bhulaíocht. Cuireann an cineáltas áthas ar dhaoine agus nuair a bhíonn áthas ar dhuine, ní dhéanfaidh sé nó sí bulaíocht. Cad é mar is féidir linn cineáltas a thaispeáint do dhaoine eile inniu agus gach lá?
(taispeántas balla ar an Chineáltas a bhuí le Gaelscoil na gCrann ar an Ómaigh)
Le plé nó le déanamh
An féidir leat an difear idir bulaíocht agus coimhlint a mhíniú i d’fhocail féin?
Ar éirigh idir tú féin agus duine eile riamh? Cad é a tharla agus ar éirigh libh an fhadhb a réiteach eadraibh?
Cad é mar a mhothódh duine atá ag fulaingt faoin bhulaíocht i do bharúil? (Is féidir dul siar ar fhocalstór na mothúchán san alt seo agus plé a dhéanamh orthu)
Mar ghrúpa, liostaigh dóigheanna ar féidir libh cineáltas a thaispeáint do dhaoine eile ar scoil, sa bhaile agus in áiteanna eile.
Dear póstaer faoin tSeachtain Frithbhulaíochta, nó faoi Lá an Chineáltais.
Déan cuardach ar an fhocal “bulaíocht” sa bharra cuardaigh thuas le níos mó a léamh ar an téama seo.