Lá na Polainne

Dé Luain, an 11ú Samhain 2024

Inniu an 11ú lá de mhí na Samhna agus, ar fud na hEorpa, beidh imeachtaí speisialta ag tarlú. I gcuid mhaith tíortha, déanfaidh siad comóradh ar dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. De ghnáth, ar an lá seo, bíonn daoine ag léiriú ómóis agus ag cuimhneamh ar na céadta míle duine a fuair bás mar gheall ar chogaí.  

(D'fhás an poipín go fluirseach i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda sna háiteanna ina raibh cathanna. Is siombail anois é de na daoine a fuair bás sa dá Chogadh Dhomhanda.) 


Ní hionann an scéal sa Pholainn, áfach. Sa tír sin i lár na hEorpa, is cúis mhór áthais agus bróid é an lá seo. Cad chuige sin? Bhuel, nuair a tháinig deireadh leis an Chéad Chogadh Domhanda, ar an lá seo thiar i 1918, d’éirigh leis na Polannaigh saoirse a bhaint amach dá dtír féin, den chéad uair le 123 bliain! Ó 1795 go dtí 1918, bhí an Pholainn scoilte ina trí chuid. Bhí cuid den tír faoi smacht ag Impireacht na hOstaire agus na hUngáire, cuid eile faoi Impireacht na Rúise agus an tríú cuid faoi smacht Impireacht na Gearmáine.
(Taispeánann an léarscáil seo go raibh na trí impireacht thart timpeall ar an Pholainn ag bogadh isteach uirthi ó na 1770í ar aghaidh)


Sa bhliain 1939, rinne an Ghearmáin ionradh ar an Pholainn arís. Chuir sin tús leis an Dara Cogadh Domhanda. Ag deireadh an chogaidh sin, ghlac an Rúis seilbh ar an Pholainn arís. Agus d’fhan an tír faoi smacht na Rúise go dti 1989. Le linn na mblianta sin, ó 1939 -1989, ní raibh cead ag muintir na tíre ceiliúradh a dhéanamh ar an 11ú lá Samhain. Ní raibh an Pholainn neamhspleách le linn an ama sin.
(Cuid den slad a rinneadh ar Vársá i rith an Dara Chogaidh Dhomhanda)


Sin cuid den stair a bhaineann leis an Pholainn, ach an bhfuil mórán ar eolas agaibh faoin tír sa lá atá inniu ann? Seo roinnt fíricí daoibh:

Príomhchathair: Vársá

Daonra: Tá 39 milliún duine ina gcónaí sa Pholainn.

Airgeadra: 1 złoty = 100 groszy (Is fiú £1 = 5.17 złoty, nó €1 = 4.35 złoty)
(nótaí złoty)

Teanga: Polainnis

Tíreolas: Tá an Pholainn suite i lár na hEorpa. Tá seacht dtír eile agus Muir Bhailt thart timpeall uirthi. Is tír chothrom íseal í, den chuid is mó, ach tá sléibhte arda le fáil i ndeisceart na tíre (An Sliabhraon Tatra agus cuid de na Sléibhte Cairp). Is é Sliabh Rysy an sliabh is airde. (Tá sé 2,501m in airde).

Daoine Clúiteacha ón Pholainn: Marie Curie (thig leat níos mó eolais a fháil ar an bhean éirimiúil sin san alt seo), Nicolaus Copernicus (1473-1543, an chéad duine a d’aithin go bhfuil an ghrian ag croílár ár ngrianchórais), agus Karol Wojtyla (pápa clúiteach a thug cuairt ar Éirinn i 1979).

Ainmhithe: tá go leor ainmhithe sa Pholainn a bheadh againn in Éirinn fosta, ach trí ainmhí neamhghnácha atá le fáil go fiáin sa tír sin, ná an bíosún, an mac tíre agus an béar donn.
(bíosúin sa Pholainn i rith an gheimhridh)

(mac tíre agus béar donn san fhoraois ar thaobh na sléibhte)

Talmhaíocht: Fásann a lán feirmeoirí prátaí in Éirinn, ach is í an Pholainn an tír is mó san Eoraip a fhásann agus a easpórtálann na prátaí!

Bratach na tíre


Le plé nó le déanamh

Cá mhéad bliain ar fad a chaith an Pholainn faoi smacht tíortha eile?

An dtig leat duine ar bith eile ón Pholainn a ainmniú atá clúiteach? Cad é a rinne nó a dhéanann an duine sin? Fiosraigh cén t-ainm a bhí ar Karol Wojtyla mar phápa.

Cad é an sliabh is airde in Éirinn? An bhfuil Sliabh Rysy níos airde nó níos ísle ná é?

Amharc ar léarscáil na hEorpa agus faigh amach ainmneacha na dtíortha eile atá thart timpeall ar an Pholainn.

Déanaigí taighde agus pléigí mar ghrúpa: an dtig libh teacht aníos le liosta de thrí chosúlacht agus trí dhifríocht idir an Pholainn agus Éire?


Creidiúintí

meas