Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Drochthruailliú aeir
Bíonn caighdeán maith aeir in Éirinn, de ghnáth. Ó am go chéile, bíonn drochlá ann agus fanann an toit agus an truailliú ar feadh tamaill ach imíonn sé luath nó mall. Tá áiteanna áirithe níos measa ná a chéile. I gcathracha móra cosúil le Baile Átha Cliath nó Béal Feirste, bíonn níos mó den truailliú ann cionn is go mbíonn níos mó carranna ar an bhóthar agus cionn is go mbíonn a lán tionscal a dhéanann truailliú le fáil sa chathair. Cuireann tionscail mar leictreachas, tógáil tithe, déantúsaíocht ceimiceán agus iompar ar bhóthar toit agus a lán gás san atmaisféar.
Ach tá an leibhéal truaillithe in áiteanna eile ar fud an Domhain i bhfad níos measa ná mar atá in Éirinn. Tá sé chomh holc i gceantair sa Phacastáin gur dúradh le páistí iontu gan súgradh taobh amuigh go dtí mí Eanáir 2025. Ceann de na ceantair is measa ná Lahore. An tseachtain seo caite, fógraíodh go raibh an chathair seo ar an chathair is truaillithe ar domhan agus thug na húdaráis rabhadh do dhaoine a bhí ina gcónaí ann.
Dó páirce
Tá an ceantar seo agus ceantar Dheilí, príomhchathair na hIndia, buailte go trom ag an truailliú aeir. Deirtear go bhfuil an leibhéal truaillithe i nDeilí 30 uair níos measa ná mar atá slán, de réir na Náisiún Aontaithe. Taobh amuigh den toit ó charranna agus ón tionsclaíocht tá fadhb eile sa réigiún. Dónn feirmeoirí an talamh ag deireadh na bliana le spás a dhéanamh le barra nua a chur sa bhliain úr. Ar an drochuair, cuireann an dó seo a lán toite san atmaisféar agus fanann sí thart sna cathracha.
Trácht i nDeilí
Le plé:
Mar rang, pléigí dóigheanna a dtiocfadh leis an rialtas caighdeán an aeir a fheabhsú. An bhfuil rudaí ann a dtiocfadh leis na daoine óga a dhéanamh, chomh maith?
Le déanamh:
Cuardaigh an dá thír seachas Éire atá luaite san alt seo in atlas. Faigh amach cá mhéad duine atá ina gcónaí sa dá thír seo.
Cuardaigh an focal ‘truailliú’ ar an suíomh seo. Léigh na hailt agus déan liosta de na rudaí atá daoine a dhéanamh le cur in éadan thruailliú na timpeallachta.
Pictiúir:
Toitcheo in Lahore: Murtaza.Ali / Shutterstock.com
Deilí: travelwild / Shutterstock.com