Uachtarán nua

Dé Luain, an 4ú Samhain 2024


Beidh súile an domhain ar SAM an tseachtain seo. Inniu, tá na milliúin duine ag vótáil don uachtarán nua agus tá beirt iarrthóirí móra ann, mar atá, an Leas-Uachtarán Kamala Harris agus an tIar-Uachtarán, Donald Trump. Bíonn an toghchán Uachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe ar an chéad Mháirt de mhí na Samhna gach ceithre bliana.

Kamala Harris agus Donald Trump

Baineann Harris agus Trump leis an dá mhór-pháirtí sa tír, Harris do na Daonlathaithe, nó Democrats, agus Trump do na Poblachtaigh, nó Republicans. Tá páirtithe beaga eile ann ach is beag an seans a bheidh acu. Mar sin, tá an rás cosúil le babhta dornálaíochta leis an dá iarrthóir ag díriú ar a chéile.

Daoine ag vótáil

Sa chóras dhaonlathach, de ghnáth, is é an t-iarrthóir a fhaigheann an líon is mó vótaí a bhaineann an rás. Ach tá córas SAM giota beag difriúil. Bíonn vóta i ngach ceann den 50 stát sa tír (agus cúpla áit eile nach stáit iad). Sa chuid is mó acu, má bhaineann tú an líon is mó vótaí, baineann tú an stát iomlán sin. Bíonn méid áirithe vótaí ag gach stát, ag brath ar an líon daoine atá ina gcónaí ann. Mar sin, thiocfadh leat gan ach cúpla vóta níos mó ná an t-iarrthóir eile a fháil ach bainfidh tú na vótaí uilig don stát sin. Cibé duine a bhaineann 270 vóta ó na stáit amach, beidh an duine sin ina hUachtarán nó ina Uachtarán.

Bíonn líon vótaí an stáit ag brath ar an líon daoine atá ina gcónaí iontu.

Níl ann ach líon beag stát a bhfuil na vótaí iontach cóngarach dá chéile agus is é Pennsylvania an ceann is tábhachtaí ar fad. Cibé duine a bhaineann Pennsylvania, tá seans mór aige nó aici an rás ar fad a bhaint. Agus, de réir na bpobalbhreitheanna tá Harris agus Trump gob ar ghob sa rás sin. Mar sin, beidh súile an domhain ní hamháin ar SAM maidin Dé Céadaoin ach ar Pennsylvania chomh maith.

Is é Joe Biden an tUachtarán faoi láthair

Le plé:

An síleann tú gur rud maith é go mbíonn an rás ag brath ar vótaí i ngach stát? Is féidir níos mó vótaí ón phobal a fháil sa tír ach an méid vótaí ó na stáit a chailliúint. An bhfuil sé cothrom, dar leat?


Caitheann polaiteoirí a lán airgid le seasamh sna toghcháin. Caitheann siad na céadta milliún dollar ar fhógraí ar líne agus ar an teilifís. An rud maith é sin, dar leat?


Vótáil níos mó ná 70 milliún duine cheana féin sa toghchán. An rud maith é sin don daonlathas nó arbh fhearr gach duine vótáil ar an lá céanna?


Le déanamh:

Ar chuala tú faoi Donald Trump nó Kamala Harris? Scríobh síos trí rud faoi gach duine acu.


Pictiúir:

Harris/Trump: bella1105 / Shutterstock.com

Biden: Consolidated News Photos / Shutterstock.com


meas