An bhfaca tú tinte ealaíne riamh? Nuair a bhíonn ceiliúradh mór ar siúl, is minic a chuirtear tinte ealaíne ag pléascadh go dathúil (agus go callánach) sa spéir. Bíonn siad le feiceáil ag Oíche Shamhna agus ag an Athbhliain, de ghnáth. Cuireann sé iontas agus gliondar orainn na soilse geala a fheiceáil ag pléascadh agus ag spréacharnach i spéir na hoíche.
(Léaráid le Shirak/codepen.io)
Ní rud nua iad na tinte ealaíne. Chuir muintir na Síne tús leo breis agus 2000 bliain ó shin! Ag an am sin, chaith na daoine péacáin bambú isteach sa tine agus, nuair a d’éirigh an bambú iontach te, phléasc sé le splancacha agus plab mór callánach. Chreid muintir na Síne gur scanraigh tine, toit agus soilse na drochspioraid ar shiúl agus sin an fáth ar cuireadh tús le tinte ealaíne.
Sna blianta ina dhiaidh sin, d’fhoghlaim muintir na Síne go dtiocfadh leo púdar gunna a chur isteach sna péacáin le soilse geala a chruthú chomh maith leis an trup. Faoin séú haois, d’úsáid siad feadáin déanta as páipéar in áit na bpéacán bambú. Bhí siad ábalta soilse daite a chruthú chomh maith. Faoin deichiú haois, bhí meas ar leith ar dhaoine speisialta a bhí ábalta taispeántais soilse a chruthú sa spéir leis na tinte ealaíne. Bhí na tinte ealaíne anois in úsáid ag ócáidí ceiliúrtha, chomh maith le féilte a bhain leis na drochspioraid a scanrú.
I ndiaidh míle bliain, thosaigh an t-eolas faoi na tinte ealaíne ag scaipeadh amach ón tSín go dtí tíortha eile. Anois, bíonn tinte ealaíne le feiceáil ag ócáidí ceiliúrtha ar fud an domhain. Tá daoine ann a bhfuil sé mar jab acu taispeántais ollmhóra a chruthú ag imeachtaí atá spleodrach, speisialta agus sábháilte. Úsáideann siad tinte ealaíne éagsúla a théann chuig airdí éagsúla le patrúin agus dathanna difriúla a dhéanamh sa spéir.
Bíonn cuma ar dóigh ar na taispeántais seo, ach an rud maith iad? Cosnaíonn taispeántas tinte ealaíne a lán airgid le cur ar siúl, ach ní mhaireann sé ach tamall gairid. Chomh maith leis sin, cuireann sé leis an truailliú san aer. Agus, mar bharr ar an donas, scanraíonn na tinte ealaíne ár bpeataí.
Mar fhocal scoir, caithfidh muid cuimhneamh le bheith cúramach thart ar na tinte ealaíne. Ba cheart do dhuine atá cáilithe agus eolach orthu bheith ina mbun. Ní bréagáin iad, tá púdar gunna istigh iontu, i ndeireadh na dála, agus pléascann siad. Is é sin an fáth a mbíonn ceadúnas speisialta de dhíth le tinte ealaíne a cheannach sa tír seo.
(Is féidir leat tromghortú a fháil ó na tinte ealaíne muna mbíonn tú cúramach! Ní smaoineamh maith é seo!)
Bí cúramach leis na spréachairí fosta. Is fearr duit lámhainní a chaitheamh má bhíonn spréachaire i do lámh. Ná déan dearmad an spréachaire a choinneáil ar shiúl ó do chorp, chomh maith.
Le plé nó le déanamh
An bhfaca tú tinte ealaíne riamh roimhe? Cad é mar a mhothaigh tú ag amharc orthu?
Cén fáth a raibh dúil ag muintir na Síne sna tinte ealaíne ar an chéad dul síos?
Cad chuige, i do bharúil, ar cheart dúinn lámhainní a chaitheamh dá mbeadh spréachaire inár lámh?
Bíonn tinte ealaíne in úsáid go minic sa lá inniu le hócáidí poiblí a cheiliúradh. Ar cheart dúinn cosc iomlán a chur ar thinte ealaíne? Nó, ar cheart dúinn srian a chur ar an mhéid imeachtaí inar féidir linn iad a úsáid? Cad iad na himeachtaí is tábhachtaí, dar leat, nuair a bheadh cead ann taispeántas tinte ealaíne a chur ar siúl?
Bain triail as dán a scríobh faoi na tinte ealaíne agus é a mhaisiú. (Féach an sampla thíos).