Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seans maith go bhfaca tú Comórtas na hEoraifíse ar an teilifís. Tagann tíortha as gach cearn den Eoraip (agus cúpla ceann taobh amuigh di) le chéile le teacht ar an amhrán is fearr. Agus tá comórtas speisialta ann chomh maith do dhaoine óga, Eoraifís na nÓg.
An Eoraip
I mbliana, tá 17 dtír ag glacadh páirt sa chomórtas a bheas ar siúl i Maidrid sa Spáinn ar 16ú Samhain. Tá tíortha móra cosúil leis an Fhrainc agus an Ghearmáin páirteach mar aon le tíortha níos lú cosúil le Málta agus an tSeoirsia.
Tá Enya 14 bliana d’aois
Is í Enya Cox Dempsey as Contae Chill Chainnigh a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na hÉireann leis an amhrán spraíúil ‘Le Chéile’. Bhain sise comórtas Eoraifís na nÓg a bhí ar TG4 le roinnt seachtainí anuas. Tá spéis ag Enya sa cheol agus san aisteoireacht le fada agus is minic í ag ceol os comhair a teaghlaigh agus ag déanamh seónna sa cheantar áitiúil.
Ach ní hamháin go mbíonn Enya ag ceol amhrán agus ag aisteoireacht ach chuir sí spéis sna drumaí ar na mallaibh. Ar an drochuair dá mamaí, tá na drumaí istigh ina seomra codlata, ní i seomra codlata Enya! Ní hé seo an chéad uair a bhí Enya ar an teilifís nó cheol sí ‘Vampire’ le Olivia Rodrigo ar Sheó na mBréagán. Dar le Enya, is é an sprioc atá aici ‘bua mór a fháil d’Éirinn agus cáil a bhaint amach ina popréalta mór le rá!’
Más maith leat an comórtas a fheiceáil beo, beidh deis agat amharc air ar TG4 oíche Shathairn, an 16ú Samhain, ag tosú ar 4.00 tráthnóna. Agus beidh deis agat vótáil sa chomórtas don amhránaí is fearr leat anseo. Ach beidh ort fanacht go dtí Dé hAoine, an 15ú Samhain. Druideann an vóta 15 nóiméad i ndiaidh an tseó bheo. Agus guímis ‘Le Chéile’ ádh mór ar Enya, ar ndóigh!
Le déanamh:
Luaigh muid roinnt tíortha san alt inniu. Úsáid atlas agus aimsigh na tíortha sin. Cén tír is cóngaraí d’Éirinn agus cén tír is faide ar shiúl?
Tá go leor cineálacha ceoil ann, popcheol, ceol traidisiúnta, snagcheol, rapcheol, hip hop, na gormacha, sean-nós agus ceol clasaiceach, mar shampla. Roghnaigh 3 cinn ón liosta seo (nó cineál eile, más maith leat) agus scríobh 2 abairt fúthu (cén áit ar thosaigh siad, cén sórt ceoil é, an mbíonn sé le fáil in áit nó ag am ar leith, srl).
Pictiúir:
Bratach: Fly Of Swallow Studio / Shutterstock.com