Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá mé cinnte de go bhfuil sibh ag dúil le hOíche Shamhna a cheiliúradh ag deireadh na míosa seo! An bhfuil a fhios agaibh gur féile ársa í Oíche Shamhna a thosaigh na Ceiltigh sa tír seo na mílte bliain ó shin? Bhí muintir na hÉireann ag ceiliúradh Oíche Shamhna i bhfad sular thosaigh siad ag ceiliúradh na Nollag fiú!
(An mbeidh tusa ag gléasadh suas d'Oíche Shamhna?)
Bíonn Oíche Shamhna ann gach bliain ar an oíche dheireanach de mhí Dheireadh Fómhair, an oíche roimh thús na Samhna. Chreid na Ceiltigh, fadó, gur tháinig deireadh leis an leath gheal den bhlain nuair a chríochnaigh an Fómhar. Faoin am seo sa bhliain, is furasta a fheiceáil go bhfuil na laethanta ag éirí níos giorra agus na hoícheanta ag éirí níos faide. Bíonn an ghrian ag dul faoi thart faoi 6.30pm ag an am seo den bhliain. Ach, nuair a bhí muid ar saoire i lár an tsamhraidh, ní dheachaigh an ghrian faoi go dtí thart faoin 10 a’ chlog san oíche!
(Scata Ceilteach ag ceiliúradh Oíche Shamhna fadó.)
Chreid na Ceiltigh gur thosaigh an geimhreadh agus an bhliain úr ar an chéad lá de mhí na Samhna. Bhí Oíche Shamhna ar cheann de na féilte is mó sa bhliain a bhí acu. (Ba iad Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa na trí cinn eile). ACH, bhí rud éigin iontach speisialta faoi Oíche Shamhna, dar leis na Ceiltigh. Chreid siad go dtiocfadh leis na taibhsí agus na spioraid ar fad teacht ar ais go dtí an domhan beo seo ón saol eile, ar an oíche sin! Mar sin de, chaith na daoine éadaí scanrúla agus las siad tinte cnámh móra le hiad féin a chosaint ar na neacha scanrúla ar fad a bhíodh amuigh ar an oíche sin. In amanna, chuir daoine aghaidh fidil nó masc orthu chomh maith.
(Páistí gléasta suas ag dul ó theach go teach i 1980, mar atá na Gaeil a dhéanamh leis na céadta bliain.)
Sa seanam, shuigh daoine thart faoin tine le chéile ar Oíche Shamhna ag insint scéalta scanrúla faoi na taibhsí agus na neacha neamhshaolta. Ghearr siad aghaidh amach as tornapa agus las siad coinneal istigh ann mar lampa. D’iompair siad seo leo dá mbeadh orthu siúl amuigh sa dorchadas, nó chuir siad é ina luí lasta in aice lena dtithe leis na taibhsí a scanradh. D’imir daoine cleasa ar a chéile ag an am seo fosta agus chuir siad an locht ar na taibhsí agus ar na cailleacha!
(Nach scanrúil é an lampa seo déanta as tornapa?)
Nós eile a bhí acu, ná bairín breac a ithe. Chuireadh bean an tí 5 rud i bhfolach sa bhairín breac nuair a bhí sí á bhácáil – bonn pingine, píosa beag éadaigh, cipín beag adhmaid, fáinne agus pis. Shíl na seandaoine go dtiocfadh leat an todhchaí a thuar mar gheall ar an rud a fuair tú sa bhairín breac. Más rud é go bhfuair tú an fáinne, bhí tú ag dul a phósadh an bhliain dár gcionn, ach má fuair tú an phis, ní raibh tú ag dul a phósadh an bhliain dár gcionn. An duine a fuair an cipín adhmaid, bheadh sé nó sí ag troid le duine eile an bhliain dár gcionn, an duine a fuair an phingin, bheadh sé nó sí saibhir, ach, má fuair tú an píosa beag éadaigh, bheifeá beo bocht an bhliain dár gcionn!
(Seo bairín breac, an cineál aráin a rinne daoine ag an am seo den bhliain. Chuireadh bean an tí rudaí i bhfolach ann. Fuair an cailín sa phictiúr ar dheis an fáinne a bhí i bhfolach sa bhairín breac.)
Sa lá atá inniu ann, bíonn Oíche Shamhna á ceiliúradh ar fud an domhain. D’athraigh cuid de na nósanna giota beag, ach thosaigh siad amach anseo in Éirinn fadó leis na Ceiltigh.
Le plé nó le déanamh
🧙♀️ Cad chuige a raibh Oíche Shamhna á ceiliúradh ag na Ceiltigh? Mínigh i d’fhocail féin é.
👻 Cad é a bhí speisialta faoi Oíche Shamhna, dar leis na Ceiltigh?
👺 Cad é a rinne daoine fadó le hiad féin a chosaint ar na taibhsí, na cailleacha, srl.?
🎃 Cad é mar a bhíonn daoine ag ceiliúradh Oíche Shamhna sa lá atá inniu ann? An bhfeiceann tú ceangail idir nósanna an lae inniu agus na traidisiúin fadó? Mínigh do do chara / do do rang an dóigh a mbíonn sean-traidisiún amháin ceangailte le nós an lae inniu.
👻 An gcreideann tú i rudaí neamhshaolta? Samhlaigh bheith beo fadó gan leictreachas ar bith. Bhí an tír iontach go deo dorcha sa gheimhreadh. An síleann tú go bhfuil sé níos fusa creidiúint i dtaibhsí, cailleacha agus i neacha neamhshaolta sa gheimhreadh ná mar a bhíonn sé sa samhradh? Cad chuige sin, i do bharúil?
Don mhúinteoir:
Seo amhrán / dán beag simplí do na ranganna óga faoi Oíche Shamhna agus roinnt bileoga oibre (a bhuí le Gaeloideachas):
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Taibhse bhán, taibhse bhán;
Damhán alla, damhán alla;
Ar líontán, ar líontán!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Cnámharlaigh, cnámharlaigh;* (*nó puimcíní)
Cailleach ghránna, cailleach ghránna;
Chí-hí-hí, Chí-hí-hí!
Oíche Shamhna, Oíche Shamhna;
Bairín breac, bairín breac;
Úlla is cnónna, úlla is cnónna;
Bob nó beart, bob nó beart!
Tháinig na grianghraif thuas den seanam in Éirinn, ó shuíomh idirlín darb ainm duchas.ie – ba cheart duit é a fhiosrú, tá cuid mhór scéalta ann a bhailigh daoine ag tús agus i lár na mblianta 1900.