Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Camógaíocht
An bhfuil dúil agat sa spórt? Seans go bhfaca tú go bhfuil cuidiú leictreonach in úsáid ag spóirt éagsúla, go háirithe na cluichí móra. Bhí am ann nuair a rinne daoine gach cinneadh ach anois, tá Hawkeye agus VAR againn.
Úsáidtear Hawkeye ag cluichí Chumann Lúthchleas Gael – peil, camógaíocht agus iománaíocht. Is córas ríomhaireachta é Hawkeye a amharcann ar an dóigh a bhfuil an liathróid nó an sliotar ag bogadh agus a oibríonn amach cén áit is dócha a ndeachaigh sí nó sé. Glacann na hoifigigh leis an tuairim sin lena rá gur scóráil nó nár scóráil an t-imreoir cúilín. Ach ní físeán den rud atá ann.
VAR á úsáid
Maidir le VAR sa sacar, cuidíonn físeán leis an cheathrú hoifigeach. Bíonn an t-oifigeach sin istigh in oifig agus bíonn sé nó sí ábalta barúil a thabhairt faoi rudaí ar an pháirc – an cúl ceart a bhí ann, mar shampla, nó an raibh an t-imreoir as alt na himeartha. Bhí conspóid le VAR nó bíonn sé ag brath ar an cheathrú hoifigeach agus, in amanna, glacann sé a lán ama cinneadh a dhéanamh, rud a chuireann isteach ar an chluiche.
Ní féidir leat scóráil má bhíonn tú as alt na himeartha.
Agus tá an scéal ag leathnú amach go dtí an leadóg nó d’fhógair lucht Wimbledon nach mbeidh an 300 maor líne a bhíodh ag obair ag an chomórtas leadóige de dhíth as seo amach. Ba é an jab a bhí ag an mhaor líne ná a rá go raibh an buille istigh nó amuigh. Ba mhinic nár aontaigh imreoirí leis an rud a dúirt an maor líne. Bhí córas acu go dtiocfadh leo seiceáil le hinneall leictreonach an raibh sé istigh nó amuigh ach, arís, b’éigean an cluiche a stopadh lena sheiceáil. Anois, úsáidfidh siad ‘intleacht shaorga’ nó AI, agus beidh an t-inneall ábalta a rá má bhíonn an liathróid amuigh i níos lú ná soicind. Tá súil againn go n-aontaíonn gach imreoir leis!
An bhfuil an liathróid istigh nó amuigh?
Le déanamh:
Úsáidtear ‘intleacht shaorga’, níos mó agus níos mó le jabanna daoine a dhéanamh. Scríobh síos 3 phost a shíleann tú a dtiocfadh le hintleacht shaorga iad a dhéanamh. Ansin, scríobh síos 3 phost a shíleann tú nach dtiocfadh le hintleacht shaorga a dhéanamh. Taispeáin do liosta do do chara. An aontaíonn sibh lena chéile?
Léigh an t-alt seo le sampla a fháil den dóigh ar ghlac an intleacht shaorga áit daoine.
Le plé:
An rud maith é go bhfuil an intleacht shaorga ag glacadh poist daoine? Nó an gcuidíonn sí linn rudaí a dhéanamh níos éifeachtaí?
Pictiúir:
VAR: A.PAES / Shutterstock.com
Camógaíocht: D. Ribeiro / Shutterstock.com
Andy Murray: Alison Young / Shutterstock.com
As alt na himeartha: katatonia82 / Shutterstock.com