Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar léigh sibh alt a bhí againn an tseachtain seo ar “An Post”? Bhí eolas san alt sin ar stair an phoist (an córas idirnáisiúnta a úsáidtear le litreacha agus bearta a sheachadadh). Ach, tá rud éigin beag eile a bhíonn greamaithe ar choirnéal gach litreach, de ghnáth, nach raibh luaite san alt sin - na stampaí, ar ndóigh!
Is cuid thábhachtach den chóras poist iad na stampaí anois, go cinnte, ach ní raibh siad in úsáid ón tús. Thosaigh stair na stampaí beagnach 200 bliain ó shin. Sular tháinig stampaí ar an saol, bhí ar dhaoine íoc as litreacha nuair a fuair siad iad. Bhí sé seo deacair agus costasach. Thiocfadh dó go gcuirfeadh duine amháin litir chuig duine eile i mbaile difriúil, ach, mura raibh an t-airgead ag an dara duine le híoc as an litir a fháil, ní bhfuair sé nó sí í!
In 1840, d’athraigh gach rud nuair a d’eisigh an Ríocht Aontaithe an chéad stampa riamh, ar a dtugtar an “Penny Black”. Bhí portráid de Bhanríon Victoria ar an stampa sin. Stampa beag dubh agus bán a bhí ann agus aon phingin amháin an praghas a bhí air. Uaidh sin a tháinig an leasainm - “Penny Black”. Leis an stampa seo, thiocfadh le daoine íoc as a gcuid litreacha roimh ré, rud a rinne an próiseas níos fusa agus níos saoire.
Ó shin i leith, tá stampaí i ndiaidh éirí iontach tábhachtach mar chuid den chumarsáid ar fud an domhain. Tá stampaí ann anois le híomhánna de dhaoine cáiliúla, ainmhithe, plandaí agus rudaí eile. Is maith le roinnt daoine stampaí a bhailiú. Tugann sé sin deis dóibh bheith ag foghlaim faoi stair agus cultúr na dtíortha éagsúla.
Le plé nó le déanamh
📨 Samhlaigh go raibh tú beo sna 1830í. Cuireadh litir chugat ach níl an t-airgead agat le híoc as an litir a fháil. Cad é mar a mhothaíonn tú? Le do chairde, cum dráma beag faoi seo. Smaoinigh orthu seo:
Cén duine a scríobh an litir?
Cad é a bhí scríofa sa litir?
Cén duine a bhí in ainm is an litir a fháil? Cén fáth nach dtig leis / léi íoc as an litir a fháil?
Cad é a tharlaíonn mar nach bhfuair sé nó sí an litir?
📨 D’eisigh ‘An Post’ 4 stampa nua i rith na míosa seo caite ag comóradh ceithre cheoltóir chlúiteacha ón tír seo a fuair bás le bliain anuas. I do bharúil, cén duine nó daoine as Éirinn (beo nó marbh) ar cheart dúinn stampa a dhearadh in ómós dó / di / dóibh? Mínigh do fhreagra.
📨 Le stampa oifigiúil a dhearadh, caithfidh íomhá a bheith air, praghas agus ainm na tíre arb as dó, chomh maith le polladh thart ar an imeall. Bain triail as do stampa féin a dhearadh. Cad é a bheidh air - duine, ainmhí, planda, áit nó patrún?
💭 Ar thug tú faoi deara na briathra san aimsir chaite san alt seo a thosaigh le guta? Cuireadh d’ rompu. Cuardaigh na briathra sin agus cuir i d’abairtí féin iad. An dtig leat smaoineamh ar 5 shampla eile de bhriathra a mbeadh d’ rompu san aimsir chaite? Cum d’abairtí féin leis na briathra sin. Cuir d’abairtí i gcomparáid le habairtí do charad. Cé agaibh a smaoinigh ar an abairt is fearr / is faide / is greannmhaire?