Luas an tSolais

Déardaoin, an 10ú Deireadh Fómhair 2024


An Ghealach

Inniu an lá deireanach de Sheachtain Dhomhanda an Spáis 2024. Má chaith tú am ag fiosrú an spáis, beidh a fhios agat go bhfuil sé ollmhór. Fiú na rudaí is cóngaraí dúinn, tá siad iontach fada ar shiúl i gcomparáid linne. Tá an Ghealach, mar shampla, 380,000km ar shiúl. Tá an Ghrian 150 milliún ciliméadar ar shiúl! Fiú na réaltaí is cóngaraí dúinn, tá siad chomh fada ar shiúl nach n-úsáidimid ciliméadair leis an fhad a rá ach bealach eile – luas an tsolais.

An Ghrian

Tá luas an tsolais gasta, iontach gasta ar fad. Taistealaíonn an solas 300,000km gach SOICIND! Dá mbeifeá ag taisteal ag an luas sin, thiocfadh leat dul thart ar an Domhan níos mó ná 7 n-uaire in AON soicind amháin! Ciallaíonn sin go dtig linn luas an tsolais a úsáid le fad a chur in iúl. An réalta is cóngaraí dúinn, Proxima Centauri, tá sí beagnach 40 trilliún (nó 4 mhíle billiún) ciliméadar ar shiúl. Glacann an solas 4.24 bliain teacht chugainn ón réalta sin. Agus sin mar a dhéanann réalteolaithe cur síos ar an fhad agus iad ag caint ar an spás: deir siad go bhfuil Proxima Centauri 4.24 solasbhliain ar shiúl. (Is ionann solasbhliain agus amuigh is istigh ar 9.5 trilliún km).

Bealach na Bó Finne

Ciallaíonn sé sin, áfach, go bhfeicimid Proxima Centauri mar a bhí sí 4.24 bliain ó shin, i mí an Mheithimh 2020, má tá tú á leamh seo in 2024. Ar bhealach, is cineál de mheaisín ama é. Nuair a amharcann tú ar na réaltaí atá inár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, feiceann tú rudaí a tharla na céadta nó fiú na mílte bliain ó shin. Idir an dá linn, thiocfadh dó gur phléasc cuid de na réaltaí agus ní bheadh a fhios againn go dtí go dtiocfadh an solas an bealach uilig chugainne.

Nílimid ábalta dul chomh gasta leis na daoine in Star Trek go fóill

Agus tá drochscéala anseo chomh maith. Deir na heolaithe nach féidir le rud ar bith taisteal níos gasta ná luas an tsolais. Mar sin, beidh teorainn ar na háiteanna is féidir linn a bhaint amach, fiú dá mbeadh muid ag dul go hiontach gasta ar fad. Ach, níl baol ar bith ann go fóill beag go mbainfidh muid áit amach atá chomh fada sin ar shiúl! An spásárthach is faide ar shiúl a rinne daoine, Voyager I, tá sé anois 24 billiún ciliméadar ar shiúl. Glacann sé 22 uair an chloig le teachtaireacht a chur chuige agus 22 uair an chloig eile le freagra a fháil!

Is féidir leis an solas dul thart ar an Domhan 7 n-uaire in aon soicind amháin!


Le déanamh:

Léigh an t-alt arís agus oibrigh amach go garbh cá fhad a ghlacann sé don solas teacht go dtí an Domhan.


Ar fhoghlaim tú rud ar bith nua le linn Sheachtain Dhomhanda an Spáis i mbliana? Scríobh 3 rud a d’fhoghlaim tú. Cuir i gcomparáid iad le do chara in aice leat. An raibh na rudaí céanna agaibh. Mínigh don duine eile na rudaí nach raibh ar an dá liosta.


Le fiosrú:

Más mian leat an Grianchóras a fhiosrú a thuilleadh, cliceáil anseo.


Pictiúir:

Star Trek: Willrow Hood / Shutterstock.com


meas