Hairicín ollmhór

Dé Máirt, an 8ú Deireadh Fómhair 2024


Cúpla seachtain ó shin, bhí alt againn faoi olltíofún. Anois, tá eagla ar mhuintir Florida go bhfuil ‘oll-hairicín’ ar an bhealach chucu, Hairicín Milton. Tarlaíonn hairicíní le linn ‘shéasúr na hairicíní’ – Meitheamh go Samhain gach bliain. Ach le blianta anuas, tá na hairicíní ag éirí níos láidre agus níos láidre agus déanann siad níos mó damáiste chomh maith.

Rinneadh dochar do na bóithre cúpla seachtain ó shin

Deir na heolaithe go bhfuil seo ag tarlú cionn is go bhfuil téamh domhanda ar siúl. Tarlaíonn téamh domhanda mar gheall ar bharraíocht dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar. Nuair a dhónn daoine breosla mar ola, adhmad, gual nó gás nádúrtha, scaoiltear dé-ocsaíd charbóin. Coinníonn dé-ocsaíd charbóin níos mó teasa san atmaisféar agus éiríonn an Domhan níos teo.

Smionagar ó Hairicín Helene

Tagann an droch-scéala seo ó Florida níos lú ná coicís ó bhí hairicín mór eile ann, Stoirm Helene. Maraíodh 14 duine in Florida agus níos mó ná 200 duine sna stáit thart air. Tá daoine fós ag glanadh suas i ndiaidh Helene agus tá baol ann go dtógfaidh Milton cuid den smionagar ón chéad hairicín agus go ndéanfaidh sin níos mó damáiste.

Tampa
Nílimid iomlán cinnte faoin bhealach a rachaidh Milton i dtír in Florida ach tá imní ar dhaoine in áiteanna cosúil le Tampa Bay, áit a bhfuil a lán daoine ina gcónaí ann. D’fhógair Gobharnóir Florida, Ron DeSantis, stádas éigeandála in áiteanna sa stát agus tá na húdaráis ag iarraidh na bóithre a ghlanadh de smionagar agus an leictreachas a thabhairt ar ais. Chomh maith leis sin, moladh do dhaoine a bhí ar bhealach an hairicín teitheadh agus dul chuig áit níos sábháilte.

Bíonn tonnta arda ann le linn hairicín

Le déanamh:

Léigh an t-alt seo le tuilleadh eolais a fháil ar an téamh domhanda.


Dúirt muid san alt go bhfuil daoine ag glanadh suas smionagair ó Hairicín Helene go fóill. Cén sórt smionagair a bheadh i gceist, dar leat. Déan liosta agus cuir é i gcomparáid leis an duine in aice leat.


Cuirfidh an hairicín isteach ar dhaoine ar dhóigheanna difriúla. Cad iad na dreamanna is mó a bheas thíos le Hairicín Milton, dar leat?


Pictiúir:

Smionagar: K M H P H O T O V I D E O / Shutterstock.com

Tampa: Feng Cheng / Shutterstock.com



meas