Lá Domhanda na nAinmhithe

Déardaoin, an 3ú Deireadh Fómhair 2024



Cuireadh tús le Lá Domhanda na nAinmhithe ar an 25 Márta, 1925, i mBeirlín na Gearmáine. Tháinig 5,000 duine amach leis an chéad ‘Lá na nAinmhithe’ a cheiliúradh. Ina dhiaidh sin, bogadh an Lá go dtí an 4ú Deireadh Fómhair, nó seo Lá Fhéile Proinsias. Bhí clú ar Naomh Proinsias, ar ndóigh, mar gur labhair sé leis na hainmhithe faoi Dhia!

Shíl daoine gur smaoineamh maith é Lá na nAinmhithe a bheith ann ar Lá Fhéile Proinsias mar go raibh baint láidir ag an naomh le hainmhithe


I mbliana, naoi mbliana is nócha i ndiaidh an chéad ‘Lá na nAinmhithe’, tá an lá seo níos tábhachtaí ná riamh. Sa lá atá inniu ann, tá na hainmhithe agus gnáthóga na n-ainmhithe, go mór i mbaol. Tá sé iontach deacair comparáid cheart a dhéanamh idir 1925 agus 2024 nó níor choinnigh daoine figiúirí cearta faoi líon na n-ainmhithe difriúla a bhí ann 100 bliain ó shin, ach tá a fhios againn go bhfuil i bhfad níos lú ainmhithe ar domhan anois ná mar a bhí 100 bliain ó shin. 

Bhí an t-iora rua le fáil go fairsing in Éirinn 100 bliain ó shin ach tá an t-iora seo i mbaol anois mar gur scriosadh cuid de na coillte agus mar gur thug daoine an t-iora glas isteach sa tír. Ghlac an t-iora glas áit an iora rua ina lán áiteanna


Tá na figiúirí againn le comparáid a dhéanamh idir inniu agus 50 bliain ó shin, agus ní scéal maith é. Tá titim thubaisteach i ndiaidh teacht ar an bhithéagsúlacht ar domhan le 50 bliain anuas.


Ciallaíonn bithéagsúlacht na rudaí difriúla uilig atá beo ar domhan. Úsáidtear an focal bith- san eolaíocht, baineann sé le ‘beatha’, nó ‘rudaí atá beo’. Mar shampla, tugaimid bitheolaíocht ar an eolaíocht a bhaineann le rudaí beo. Is focal eile ar ‘difriúil’ é an focal ‘éagsúil’.



Na cúiseanna atá leis an chaillteanas bithéagsúlachta


Ó bhí an bhliain 1970 ann, tá titim de 69%, ar an mheán, i ndiaidh teacht ar chuid mhór speicis de veirteabraigh ar domhan. Ciallaíonn veirteabrach ainmhí a bhfuil cnámh droma aige – mamaigh, éin, éisc agus reiptílí, mar shampla. Tharla sé seo mar gheall ar roinnt cúiseanna:


🌱 CAILLTEANAS GNÁTHÓIGE – Chaill na hainmhithe a ngnáthóg (mar gur scrios daoine í nó gur úsáid muid an talamh don fheirmeoireacht)

An traonach. 100 bliain ó shin, bhí an t-éan seo le haimsiú fud fad na hÉireann, tá fíorbheagán acu fágtha sa lá atá inniu ann nó nuair a ghlac muid le nósanna nua-aimseartha feirmeoireachta, scrios muid gnáthóg an traonaigh


🌱 RÓSHAOTHRÚ – Tá baint ag an fhocal saothrú le hobair, ach tá baint aige le sórt feirmeoireachta nó úsáid ainmhithe agus úsáid talaimh fosta. Mar shampla, nuair a mharaíonn daoine ainmhithe lena gcraiceann a úsáid (an tíogar) nó le cuid dá chorp a úsáid (an srónbheannach) nó le hiad a ithe (éisc). Tarlaíonn róshaothrú nuair a mharaímid barraíocht ainmhithe agus imíonn an t-ainmhí ar fad as áit.

I gcuid mhaith áiteanna ar domhan, cheap muid barraíocht iasc


🌱 ATHRÚ AERÁIDE – Ní raibh roinnt mhaith ainmhithe ábalta cos a choinneáil leis an athrú aeráide (arís, fadhb a chruthaigh na daoine).

Tá an t-athrú aeráide ag scriosadh ghnáthóg an bhéir bháin. Tá an t-ainmhí seo go mór i mbaol.


Ar an drochuair, ní thig linn rud ar bith a dhéanamh faoin stair agus faoin dochar atá déanta cheana ach thig linn féin níos mó a dhéanamh leis an bhithéagsúlacht, agus leis na hainmhithe uilig atá fágtha, a chosaint sa todhchaí!

Tá líon na bhfeithidí agus na bhféileacán i ndiaidh titim go mór – an dtig linne rud éigin a dhéanamh leis an titim seo a stopadh?


Bealach amháin le ‘Lá na nAinmhithe’ a chomóradh ná tríd na hainmhithe fiáine agus an dúlra galánta atá fágtha againn in Éirinn a cheiliúradh. Go fiú sna cathracha is mó in Éirinn, tá spásanna glasa ann ina dtig linn ainmhithe fiáine a fheiceáil. Mar sin, má fhaigheann tú seans inniu, nó go fiú ag deireadh na seachtaine, caith seal i measc an dúlra. Thiocfadh leat pictiúr nó dhó a ghlacadh go fiú, ba bhreá linn iad a fheiceáil!

Cluain an Bhogaigh – tearmann dúlra i lár Bhéal Feirste


Páirc an Fhionnuisce – spás glas galánta i lár Chathair Bhaile Átha Cliath


Má chónaíonn tú faoin tuath – gabh ar siúlóid agus gach seans go bhfeicfidh tú ainmhithe fiáine


Le plé / le déanamh

🦔 Cén t-ainmhí is fearr leatsa agus cad chuige? An bhfuil fíricí ar bith ar eolas agat faoin ainmhí seo? An bhfuil sé i mbaol?

🦔 Tarraing pictiúr den ainmhí is fearr leat agus cuir lipéid ar na baill choirp agus ar na tréithe a bhaineann leis an chineál ainmhí sin? 

🦔 Cad é an t-ainmhí is iontaí a chonaic tú féin go pearsanta riamh? Déan cur síos air.

🦔 Bíodh plé ranga agaibh. Déanaigí plé ar chuid de na rudaí a thiocfadh linn uilig a dhéanamh leis an bhithéagsúlacht a chosaint. Luaigh trí rud.

🦔 An bhfuil spás glas in aice leatsa a dtiocfadh leatsa dul chuige le blaiseadh a fháil den dúlra? 


meas