An maith leat feoil a ithe? Burgair, mionfheoil, sicín, srl.? Tá a lán cineálacha feola ann, ó ainmhithe difriúla, agus itheann an chuid is mó againn feoil de chineál éigin.
(Mionghearrtar feoil go minic le mionfheoil a dhéanamh as. Ansin, úsaidtear é le burgair, bolognese, srl. a dhéanamh as.)
Ach inniu Lá Domhanda na bhFeoilséantóirí. Is lá speisialta é lena chur in iúl don phobal faoi chineál aiste bia eile. Má bhíonn tú ag séanadh rud éigin, diúltaíonn tú dó nó ní bhíonn baint agat leis. Tugtar ainm eile ar na feoilséantóirí chomh maith - veigeatóirí.
Ní rud ar bith nua é bheith i do veigeatóir nó i d’fheoilséantóir. Ar fud an domhain, ní itheann thart faoi bhilliún go leith duine feoil in am ar bith. Séanann cuid mhaith acu an fheoil mar gheall ar chúrsaí creidimh. San India, mar shampla, an tír leis an daonra is mó ar domhan, ní itheann a lán daoine feoil mar insíonn a reiligiún dóibh nár cheart ainmhithe a ithe.
(Creideann a lán daoine san India gur ainmhí beannaithe é an bhó. Mar sin, ní íosfaidh siad mairteoil. Pic le bodom/Shutterstock.com)
Tá daoine eile ann ar fud an domhain agus ní itheann siad feoil mar go bhfuil sí ródhaor. Bíonn sé níos saoire glasraí a fhás ná beithígh a choinneáil. Ní bhíonn mórán talaimh de dhíth le glasraí a fhás, i gcomparáid le beithígh a choinneáil.
(Bíonn se costasach feoil a ithe, go háirithe mairteoil. Pic le Ericky Boniphace/Shutterstock.com)
Sa lá inniu, tá grúpa eile de veigeatóirí, nó feoilséantóirí, ann. Is iad siúd na daoine a chreideann go bhfuil sé níos fearr don timpeallacht gan a bheith ag ithe feola. Creideann na heolaithe go dtagann thart faoi 11% de na gáis ceaptha teasa ó chothú na n-ainmhithe i bhfeirmeacha móra ar mhaithe le bia a dhéanamh do dhaoine.
(Coinníonn na gáis cheaptha teasa go leor den teas istigh in atmaisféar an domhain, rud a dhéanann an domhan níos teo, mar níl an teas ar fad ábalta éalú amach sa Spás.)
Ní chaithfidh tú feoil a shéanadh an t-am ar fad, ach ar Lá Domhanda na Veigeatóirí, iarrtar ort smaoineamh faoi aiste bia gan feoil a bheith agat anois is arís. Ní nós ar bith nua é sin i ndáiríre. Ba ghnách le muintir na hÉireann feoil a shéanadh go minic mar gheall ar chúrsaí airgid agus ar chúrsaí creidimh. Mar shampla, rinne Críostaithe troscadh ar dhá lá sa seachtain - an Chéadaoin agus an Aoine. Tá an nós seo go fóill coitianta i dtíortha eile, cosúil leis an Aetóip san Afraic, mar gheall ar an Chríostaíocht ansin.
(Déanann a lán Críostaithe ar fud an domhain troscadh ón fheoil lá nó dhó sa seachtain.)
Ar an lámh eile, tá daoine ann a deir nach bhfuil sé nádúrtha ná maith do dhaoine gan a bheith ag ithe feola. Deir siad go dtugann feoil próitéin don chorp, rud atá maith do na cnámha agus do na matáin. Insíonn na heolaithe dúinn gur thosaigh muintir na Síne de bheith ag ithe níos mó feola le dhá scór bliain anuas agus anois tá meánairde na bhfear sa tír sin 9cm níos mó ná mar a bhí sé roimh 1985!
(Tá muintir na Síne níos airde anois ná mar a bhíodh mar gheall ar a n-aiste bia difriúil sa lá inniu.)
Le plé nó le déanamh
An maith leat feoil a ithe? An mbeadh sé deacair agat gan feoil a ithe go minic?
An maith leat glasraí a ithe? Cad é an cineál glasra is fearr leat?
Cad iad na cúiseanna éagsúla le bheith i do veigeatóir (atá luaite san alt)?
Tarraing póstaer a mholann do dhaoine triail a bhaint as bheith ina veigeatóir / nó níos mó glasraí a ithe?
Cad iad na buntáistí agus míbhuntáistí as bheith i d’fheoilséantóir, i do bharúil? (Thiocfadh libh comhoibriú i bhfoirne le díospóireacht ranga a dhéanamh ar an rún “An fearr dúinn bheith inár bhfeoilséantóirí?")
Aimsigh na tíortha san alt ar léarscáil an domhain.
Luaigh muid an focal ‘troscadh’ san alt. Focal eile ar throscadh ná ‘aoine’. Tá an focal sin le feiceáil i gcuid de na laethanta againn:
An Chéadaoin [an chéad aoine]
Déardaoin [‘dé idir dhá aoine’: ciallaíonn ‘Dé’ ‘lá’]
An Aoine [troscadh]
Déan iarracht a fháil amach cad é an chiall a bhaineann leis na laethanta eile sa tseachtain.