Lá Domhanda na gCoiníní

Dé hAoine, an 27ú Meán Fómhair 2024


Amárach ‘Lá Domhanda na gCoiníní’. Bíonn an lá seo ann ar an 4ú Satharn de mhí Mheán Fómhair gach bliain. Ar an lá seo, smaoiníonn daoine ar chosaint na gcoiníní. I roinnt áiteanna, bíonn cóisirí coiníní ann agus itheann daoine burgair veigeatóra. 


Chuir carthanas coiníní i Sasana tús leis an lá seo sa bhliain 1998. Ó shin, tá sé i ndiaidh scaipeadh thart ar roinnt tíortha ar fud an domhain – cosúil leis na coiníní féin, is dócha. Nó, i roinnt mhaith tíortha ar domhan, Éire agus an Bhreatain ina measc, ní ainmhí dúchasach é an coinín. Tugadh an coinín isteach sa tír agus rinne sé dochar mór nuair a tháinig sé!

Is ainmhí Eorpach é an coinín ach, mar gheall ar dhaoine, tá sé i ndiaidh scaipeadh chuig gach mór-roinn ar domhan, ach amháin Antartaice

Léarscáil le Saoráid Dhomhanda Faisnéise na Bithéagsúlachta


Mar sin de, ar cheart dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na gCoiníní anseo in Éirinn? 

Ní ainmhí dúchasach é an coinín in Éirinn – ar cheart dó lá speisialta a bheith aige?


Bhuel, is ainmhí beag gleoite é an coinín agus tá sé cliste go leor fosta. Déanann siad peataí maithe. Deir daoine go dtig iad a thraenáil, go fiú, rud beag cosúil le madaí.

Is peataí maithe iad na coiníní



I roinnt mhaith tíortha ar domhan, bíonn ról lárnach ag an choinín sa mhiotaseolaíocht agus sna seanscéalta, mar gheall ar a gclisteacht. Ós rud é nach ainmhí dúchasach de chuid na tíre seo iad, níl sé sin amhlaidh i scéalta na hÉireann ach ghlac gaolta na gcoiníní, na giorriacha (atá lán chomh cliste) a n-áit! I roinnt mhaith tíortha ar domhan, bíonn daoine, agus a lán ainmhithe eile, ag brath ar an choinín mar bhia.

Feirm coiníní – coinníonn daoine coiníní lena bhfeoil a ithe agus lena gcraiceann agus lena bhfionnadh a úsáid


Ar an lámh eile, is speiceas ionrach é an coinín in Éirinn, níl sé nádúrtha iad a bheith anseo. Nuair a thagann speiceas ionrach isteach sa tír, cuireann sé as don chothromaíocht sa dúlra. Rinne na coiníní dochar mór do na giorriacha, nó itheann siad beirt an bia céanna. Gach áit a n-éiríonn go maith leis na coiníní, ní bhíonn mórán giorriacha le fáil agus is ainmhí dúchasach de chuid na hÉireann é an giorria. Bíonn feirmeoirí ag gearán faoi choiníní fosta mar gheall ar an damáiste a dhéanann siad ar fheirmeacha.

An giorria – ainmhí dúchasach de chuid na hÉireann


Déanann coiníní dochar ar fheirmeacha, déanann siad dochar do roinnt plandaí dúchasacha agus ní bhíonn sé furasta ag an ghiorria cónaí san áit chéanna leo


Sin ráite, áfach, tá go leor ainmhithe eile ann in Éirinn an lae inniu a bhíonn ag brath ar an choinín. Cé gur fíor gur speiceas ionrach iad, tá siad anseo le tamall fada – níos mó ná 800 bliain nó thug na Normannaigh isteach iad sa 13ú haois, agus tá a n-áit féin acu anois sa slabhra bia. Itheann a lán creachadóirí coiníní le fanacht beo, leithéidí madaí rua agus iolar. 

Thug na Normannaigh coiníní go hÉirinn mar bhia sa 13ú haois. D’éalaigh cuid acu agus scaip siad tríd an tír.


Itheann madaí rud coiníní

Is éan creiche é an clamhán atá ag éirí níos coitianta arís in Éirinn – itheann siad coiníní ó am go ham


Agus cé gur shíl daoine go raibh i bhfad barraíocht acu ann, lá den saol, tá líon na gcoiníní i ndiaidh titim go tubaisteach le 7 mbliana anuas, mar gheall ar ghalar coiníní darb ainm RHDV2. Tá cuid mhaith áiteanna sa tír a mbíodh na coiníní go flúirseach iontu cúpla bliain ó shin, nach bhfeicfeá oiread is coinín amháin iontu sa lá atá inniu ann.

Tá líon na gcoiníní i ndiaidh titim go tubaisteach le blianta beaga anuas (an dá léarscáil leis an Ionad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta



Mar sin, ar Lá Domhanda na gCoiníní, thig leat smaoineamh ar na coiníní, ar a laghad agus do chomhairle féin a dhéanamh faoi dtaobh díobh!


Le plé

🐇 An bhfuil nó an raibh coinín agat riamh mar pheata? An molfá do dhaoine eile coinín a choinneáil mar pheata? Mínigh do fhreagra.

🐇 Ar cheart dúinn Lá na gCoiníní a cheiliúradh in Éirinn? Mínigh do fhreagra.

🐇 An síleann tú gur cheart dúinn na coiníní atá fágtha againn faoin tuath in Éirinn a chosaint? Mínigh do fhreagra.


meas