Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ní labhraíonn gach duine in Éirinn Gaeilge go fóill. Cé go bhfuil Gaelscoileanna ag fás ar fud na tíre, ní labhraíonn ach líon beag daoine an teanga gach lá. Is mionlach muid. Ach nílimid linn féin! San Aontas Eorpach, tá thart ar 60 teanga atá ina dteangacha mionlaigh.
Is mionlach iad lucht na Briotáinise sa Bhriotáin, an Fhrainc
Ciallaíonn teanga mhionlaigh, teanga nach labhraíonn gach duine sa cheantar, cosúil leis an Ghaeilge in Éirinn, an Bhriotáinis sa Fhrainc nó Gailísis sa Spáinn. Chomh maith leis sin, tá teangacha réigiúnacha ann, teangacha atá láidir i gceantar amháin ach nach teanga an stáit iad, cosúil leis an Chatalóinis sa Chatalóin. San iomlán, labhraíonn thart ar 50 milliún duine teanga mhionlaigh nó teanga réigiúnach.
Agus tá Lá Eorpach na dTeangacha ann inniu le teangacha difriúla a cheiliúradh, teangacha mionlaigh san áireamh. Tá na mórtheangacha cosúil leis an Fhraincis, an Spáinnis agus an Ghearmáinis i gceist chomh maith le teangacha nach bhfuil chomh láidir, cosúil leis an Ghaeilge. San iomlán, labhraítear 200 teanga Eorpach agus seo an t-am le cuid acu a bhlaiseadh!
Dóigheanna le ‘Dia duit’ a rá i dteangacha eile. Cá mhéad acu a aithníonn tú?
Má labhraíonn tú dhá theanga, deirtear go bhfuil tú dátheangach. Beidh a fhios agat cheana féin go bhfuil buntáistí le bheith dátheangach, mar shampla, go dtuigeann tú cultúir eile níos fearr nó tá dhá chultúr agat cheana. Ach an raibh a fhios agat go gcuidíonn sé le d’intinn rudaí a chuimhneamh, go mbíonn sé níos fusa duit fadhbanna a réiteach agus go gcuidíonn sé le daoine bheith cruthaitheach? Ar ndóigh, tá buntáistí eile ann, mar shampla, beidh sé níos fusa an tríú teanga a fhoghlaim má tá dhá theanga agat cheana.
Is tír dhátheangach í Éire
I mbliana is é mana an lae ná ‘Teangacha ar son na Síochána’. Má ghlacann tú an t-am le giota beag de theanga duine eile a fhoghlaim, léiríonn tú meas ar an duine sin. Agus, ar ndóigh, tá seans maith go mbeidh meas acu ortsa as an iarracht a dhéanamh.
Le déanamh:
An bhfuil eolas ag daoine eile sa rang ar theanga eile seachas an Ghaeilge agus Béarla? Má tá, déanaigí liosta de na teangacha agus faighigí amach cad é mar a deirtear focail nó frásaí mar seo a leanas i ngach teanga:
Dia duit
Slán
Is maith liom
Cá bhfuil an leabhar?
Oscail an fhuinneog, le do thoil
Cén dóigh a meallfá daoine le tabhairt faoi theanga nua a fhoghlaim? Dear póstaer agus scríobh isteach na pointí is tábhachtaí, dar leat.
Dóigh amháin le sult a bhaint as teangacha nua ná bia ó na tíortha nó na réigiúin sin a ithe. Thiocfadh roinnt bianna ó thíortha eile a thabhairt isteach nó thiocfadh liosta a dhéanamh amach de bhianna a bhaineann le tíortha nó teangacha. In amanna, úsáidtear an focal atá sa teanga sin gan é a aistriú, mar shampla, pizza nó paella. Déan liosta de bhianna ó thíortha eile atá fós i dteanga na tíre. Ar bhlais daoine sa rang iad riamh?
Pictiúir:
Aerfort Átha Cliath: Agnieszka Pas / Shutterstock.com