Brionglóidí

Dé Céadaoin, an 25ú Meán Fómhair 2024

Níos mó ná smaointe fánacha i do chodladh


Inniu Lá Domhanda na mBrionglóidí. An dtuigeann tú cad is brionglóid ann? Is ionann brionglóid agus na smaointe agus na pictiúir a fheiceann tú i d’inchinn nuair a bhíonn tú i do chodladh. An chuid is mó den am, déanaimid dearmad ar na smaointe sin nuair a mhúsclaímid.


In amanna eile, bímid ábalta cuimhneamh ar an bhrionglóid a bhí againn i rith na hoíche, ach ní i gcónaí a thuigimid í. Bíonn rudaí difriúil i nDomhan na mBrionglóidí lenár ngnáthshaol. Bíonn dathanna difriúla ar rudaí, nó is féidir le gach rud a bheith dubh agus bán fosta. Chomh maith leis sin, níl bac ar na rudaí is féidir leat a dhéanamh sa domhan sin. Mar shampla, thiocfadh leat eitilt tríd an aer, nó bheith beo thíos faoin uisce, dá mba mhaith leat!


Is iomaí rud sa domhan seo a thosaigh amach mar bhrionglóid in inchinn duine éigin. Is é sin an dóigh ar cuireadh tús le cuid mhór aireagán, mar shampla. Scríobh daoine amhráin agus leabhair, chomh maith, mar gheall ar bhrionglóidí a bhí acu. “Is féidir ár mbrionglóidí ar fad a fhíorú má bhímid cróga go leor dul sa tóir orthu,” a dúirt Walt Disney.

(Walt Disney ar stampa - pic le spatuletail/Shutterstock.com) 


Is focal eile ar bhrionglóid é ‘Aisling’, an t-ainm cailín. In amanna, taispeánann ár mbrionglóidí dúinn an saol mar a ba mhaith linn é. Thug Martin Luther King óráid chlúiteach faoi aisling a bhí aige go mbeadh na cearta céanna ag na daoine gorma agus a bhí ag na daoine geala agus go dtiocfadh deireadh leis an chiníochas.

(Spreagann óráid Martin Luther King Jr. daoine ar fud an domhain go fóill)


Mar sin de, is féidir lenár mbrionglóidí sprioc a thabhairt dúinn sa saol, bíodh sin le rud éigin a chruthú nach bhfuil ann cheana, nó le hobair a dhéanamh chun an domhan a leasú do dhaoine eile. Cad é a spreagfaidh do bhrionglóidí thú le déanamh ar Lá Domhanda seo na mBrionglóidí?


Le plé nó le déanamh

💭 An dtig leat cuimhneamh ar bhrionglóid a bhí agat? Inis do do chairde faoina bhfaca tú i do bhrionglóid. Scríobh aithris ghairid ar gach rud a tharla ann.

💭 An bhfuil brionglóid/aisling ar bith agat don todhchaí? An bhfuil post ar leith ba mhaith leat a dhéanamh? Ar mhaith leat bheith i do cheoltóir, údar, nó laoch spóirt, mar shampla? Cad é a thiocfadh leat a dhéanamh inniu le cuidiú leat an bhrionglóid sin a fhíorú?

💭 An bhfuil brionglóid/aisling agat faoin domhan nó faoi do phobal a leasú? Cad é do bhrionglóid/aisling? Cén dóigh a gcuideoidh sé leis an domhan nó le do phobal?

💭 Scríobh cuntas ar bhrionglóid/aisling atá agat don todhchaí (b’fhéidir go mbainfidh sé le gairm bheatha, nó le heachtra iontach a dhéanfaidh tú.)

💭 Tarraing pictiúr de bhrionglóid a bhí agat i do chodladh, nó aisling atá agat don todhchaí.

💭 Déan taighde ar aireagóir clúiteach. (Thig leat aireagóir a chur isteach sa bharra cuardaigh ag barr an leathanaigh le níos mó eolais a fháil.)

💭 Scríobh an grúpa seo amhrán dar teideal “Brionglóid”. An dtiocfadh leatsa amhrán, rap nó dán a scríobh i ngrúpa le do chairde faoi bhur mbrionglóidí?



(**A mhúinteoirí, tá dánta faoi bhrionglóidí ar fáil agaibh le híoslódáil anseo.**)




meas