Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar smaoinigh tú riamh ar an aclaíocht rialta a dhéanamh? Murar smaoinigh, tugaimid bhur ndúshlán anois nó inniu Lá na hAclaíochta. Ag an am seo den bhliain, i ndiaidh an tsamhraidh, bíonn deis ag daoine rudaí nua a thriail. Agus tá tábhacht mhór ag baint leis an aclaíocht.
Usain Bolt
Cad chuige a bhfuil an aclaíocht de dhíth?
Cuidíonn an aclaíocht leat ar dhá dhóigh – go fisiciúil agus le do shláinte mheabhrach. Sa chéad dul síos, cuidíonn an aclaíocht le do chroí nó beidh ar do chroí níos mó fola a phumpáil thart ar do chorp agus tú i mbun aclaíochta. Chomh maith leis sin, déanann sí na cnámha agus na matáin níos láidre. Agus is cosaint í ar a lán galar, galar croí agus diaibéiteas, mar shampla.
Maidir le do mheabhairshláinte, cuireann an aclaíocht spion maith ort agus cuidíonn sí le himní a mhaolú.
Rhasidat Adeleke
Cá mhéad aclaíochta ba chóir a dhéanamh?
Ní gá duit aithris a dhéanamh ar Usain Bolt ná Rhasidat Adeleke ach is fiú iarracht a dhéanamh bheith ‘aclaí’. Deir muid go bhfuil duine ‘aclaí’ má bhíonn sé nó sí ábalta rudaí fisiciúla a dhéanamh ar feadh tamaill gan éirí ró-thuirseach.
Deir na saineolaithe gur chóir do dhaoine óga uair an chloig a chaitheamh i mbun aclaíochta gach lá. Ní gá aclaíocht dhian a dhéanamh don 60 bomaite sin – peil, rith, iomáint nó camógaíocht, mar shampla – is féidir í a mheascadh le haclaíocht mheasartha. San áireamh, tá rothaíocht, siúl gasta agus fiú súgradh sa chlós scoile. Molann siad dúinn rudaí faoi leith a dhéanamh leis na matáin agus na cnámha a neartú ar a laghad trí huaire sa tseachtain, rudaí cosúil le scipeáil, léim nó gleacaíocht.
Is féidir le gach duine bheith aclaí
Fadhb
Ar an drochuair, níl daoine óga ag déanamh go leor aclaíochta. Ní bhíonn siad ag súgradh taobh amuigh an oiread céanna agus caitheann a lán acu barraíocht ama ag amharc ar scáileáin taobh istigh. Mura bhfuil tú á dhéanamh cheana féin, seo an t-am le tú féin a chroitheadh agus aghaidh a thabhairt ar an aclaíocht rialta!
Le déanamh:
Déan liosta de rudaí difriúla is féidir leat a dhéanamh le bheith aclaí. Ansin, tabhair scór do gach cineál aclaíochta, agus cuir in ord iad. Seiceáil leis na daoine in aice leat an bhfuil na rudaí céanna acu ag barr an liosta.
Cuidíonn an aclaíocht le do shláinte. Déan liosta de rudaí eile a chuidíonn le do shláinte. Cuardaigh an focal ‘sláinte’ sa bharra cuardaigh ag barr an leathanaigh le cuidiú leat.
Pictiúir:
Rhasidat Adeleke: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com
Usain Bolt: Focus Pix / Shutterstock.com