Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seo bád Ocearch – bhí an bád seo ag cuardach siorcanna amach ó chósta Chiarraí an tseachtain seo caite (Pic le Ocearch)
Tá foireann speisialta d’eolaithe tar éis seachtain a chaitheamh amach ó chósta Chiarraí…ag cuardach siorcanna bána móra! Baineann na heolaithe seo le grúpa darb ainm Ocearch.
An siorc bán mór
Déanann Ocearch taighde ar shiorcanna, de gach cineál, fud fad an domhain. Deir siad go bhfuil na siorcanna iontach tábhachtach le cothromaíocht a choinneáil sna farraigí. Má bhíonn an méid ceart siorcanna i gceantar faoi leith san fharraige, léiríonn sé sin, dar leis na heolaithe seo, go bhfuil an fharraige sláintiúil.
Tugaimid ‘slabhra bia’ nó ‘pirimid bia’ ar an léaráid thuas. Má bhíonn an méid ceart de gach ainmhí ann, bíonn cothromaíocht ann, má bhíonn ainmhí amháin ar iarraidh, is mó seans go mbeidh fadhbanna ann
Baineann an cuardach seo le turas taiscéalaíochta speisialta atá ag Ocearch darb ainm ‘Expedition Save the Med’. Is é atá i gceist leis ‘the Med’ ná an Mheánmhuir, nó the Mediterranean Sea, i mBéarla. Sin an fharraige idir an Eoraip agus an Afraic.Tá a fhios ag eolaithe go gcónaíonn siorcanna móra bána sa Mheánmhuir, ach níl mórán eolais acu orthu.
Tá a fhios eolaithe go bhfuil pobal beag siorcanna bána fágtha sa Mheánmhuir – ba mhaith leo níos mó eolais a fháil orthu
Téann Ocearch ‘ag iascaireacht’ do na siorcanna san fharraige. Nuair a cheapann siad ceann, déanann siad a ndícheall an siorc a choinneáil chomh compordach agus is féidir. Déanann siad cúpla tástáil ghasta agus ceanglaíonn siad ‘rianaire satailíte’ den siorc. Ligeann sé seo dóibh an siorc a rianú san fharraige.
Ar dtús, ceapann siad an siorc…
Ansin, oibríonn siad go gasta lena oiread eolais agus is féidir a fháil faoin siorc, rianaire satailíte a chur air, agus ansin é a chur ar ais san uisce (Pic le Ocearch)
Chuir Ocearch farraigí na hÉireann san áireamh in ‘Expedition Save the Med’ mar go bhfuil muid chomh cóngarach sin don Mheánmhuir. Ní thógfadh sé ach lá nó dhó ar shiorc bán mór snámh ón Mheánmhuir go hÉirinn – an cheist atá ann, an dtiocfadh siad? Bhuel, an freagra atá ag Ocearch – cad chuige nach dtiocfadh?
Bhí Ocearch ag cuardach siorcanna amach ó na Blascaodaí, grúpa oileán amach ó chósta Chiarraí. Cónaíonn cuid mhór rónta anseo. Itheann na rónta a lán iasc ach níl rud ar bith ann leis na rónta a ithe…
Seo siorc bán ag ithe róin san Afraic Theas – bíodh geall go mbeadh rónta na hÉireann lán chomh blasta acu!
Bhí go leor scéalta ag iascairí amach ó chósta na hÉireann agus na Breataine, le blianta beaga anuas, faoi shiorcanna bána móra a fheiceáil. Deir Ocearch go bhfuil teocht na farraige foirfe don siorc bán mór, agus go bhfuil go leor bia ann. Tá iontas orthu nach bhfuair eolaithe ar bith fianaise chinnte roimhe seo. Ní hamháin sin, deir Ocearch gur mhór an cuidiú é dúinne, pobal sláintiúil siorcanna a bheith againn amach ón chósta.
Creid é nó ná creid – cónaíonn níos mó ná 30 speiceas de shiorc amach ó chósta na hÉireann
Bhí Ocearch ag cuardach na siorcanna amach ó na Blascaodaí. Cónaíonn pobal mór rónta sna Blascaodaí agus níl creachadóirí nádúrtha ar bith ag na rónta in Éirinn le líon na rónta a choinneáil faoi smacht. Ciallaíonn sé seo go n-itheann siad a lán iasc – bradáin, mar shampla. Dá mbeadh siorcanna ann le cuid de na rónta a ithe, chuirfeadh sé go mór leis an chothromaíocht san fharraige.
Níor éirigh le Ocearch siorcanna ar bith a aimsiú an t-am seo, ach síleann a lán eolaithe nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go bhfaighidh muid an chéad fhianaise chinnte den chreachadóir mhór seo in uiscí na hÉireann.
Le plé
🦈 Cad é a shíleann tú faoi eolaithe a bheith ag cuardach siorcanna bána móra in Éirinn? An rud maith é nó an bhfuil tú buartha faoi?
🦈 Cén fáth, dar leat, a bhfuil siorcanna tábhachtach don fharraige?
🦈 Cad a dhéanfá dá bhfeicfeá siorc bán mór ag snámh san fharraige?
🦈 An bhfuil eolas agat ar shiorcanna ar bith eile (in uiscí na hÉireann nó in áiteanna eile)? Cé na siorcanna is mó a thaitníonn leat agus cén fáth?
Tasc Breise
🦈 Bíonn Ocearch ag obair go crua le tuiscint agus meas ar na siorcanna a spreagadh, le nach mbeidh eagla ar dhaoine rompu. Ní maith le siorcanna daoine a ionsaí – b’fhearr leo fanacht ar shiúl uainn agus muid san uisce! Ar an drochuair, ní cuidiú ar bith an dóigh a léirítear siorcanna ar an teilifís nó sna scannáin. Seo thíos an ceol a cumadh do scannán clúiteach faoi shiorc bán mór chóir a bheith caoga bliain ó shin. Cad iad na mothúcháin a spreagann an ceol seo ionat nuair a chluineann tú é?
🦈 An síleann sibh go mbeadh Ocearch sásta leis an phictiúr clúdaigh a roghnaigh muid don alt seo? Cén fáth?