Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá súil againn gur bhain sibh sult as an samhradh – IN AINNEOIN NA DROCHAIMSIRE!
Tá fearadh na fáilte romhaibh ar ais chuig NuachtAnois. Tá súil againn go raibh samhradh mór maith agaibh, in ainneoin na haimsire! Agus tá muid thar a bheith sásta go bhfuil sibh ar ais linn faoi choinne bliain mhór foghlama, nuachta agus spraoi eile!
Mar is gnách, beidh meascán de scéalta suimiúla spraíúla againn daoibh agus clúdóidh muid na mórscéalta, gach áit ar domhan, de réir mar a thiteann siad amach.
Cuirfidh muid na scéalta is úire os do chomhair!
Bímid i gcónaí breá sásta glacadh le nuacht agus scéalta uaibhse fosta. Más rud é go mbeidh imeacht mór ag tarlú sa scoil nó sa cheantar s’agat, abair linn faoi agus seol pictiúir isteach chugainn chuig nuacht@aisaonad.org agus thig linne an scéal a roinnt le pobal na Gaelscolaíochta ar fud na tíre!
Má tá scéal le scaipeadh agatsa, lig dúinn cuidiú leat!
Súil chun cinn!
🥳🥳🥳 Tá an t-ádh dearg ar dhaltaí an Tuaiscirt – faigheann siad níos mó laethanta scoile 🎉🎉🎉
Tháinig an chuid is mó de scoileanna na tíre ar ais Dé Luain, mar sin, tá trí lá scoile déanta agaibh cheana. Caithfidh páistí i ndeisceart na tíre 182 lá scoile a dhéanamh gach bliain, ach tá an t-ádh dearg ar pháistí an tuaiscirt, nó faigheann siadsan 185 lá scoile! Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ach 179, nó 182, lá scoile fágtha go dtí saoire an tsamhraidh, ag brath ar an áit a gcónaíonn tú!
Tá roinnt dátaí don dialann thíos…
🗓️ Críochnóidh an scoilbhliain seo Dé hAoine, an 27ú Meitheamh, 2025 do bhunús na scoileanna sa tír.
🎃 I mbliana, beidh Oíche Shamhna ann Déardaoin, an 31ú Deireadh Fómhair. Tá na maisiúcháin sna siopaí cheana féin!
Agus más rud é gur duine thú a bhíonn ag súil leis an Nollaig gach bliain…
níl ach…
111 lá
7 uair
6 bomaite
7 soicind
fágtha go dtí an Nollaig!
I mbliana, beidh Lá Nollag ann ar an Chéadaoin agus beidh lá na bliana úire, an 1 Eanáir 2025, ann ar an Chéadaoin fosta!
Tosóidh earrach 2025 ar Lá Fhéile Bríde, Dé Sathairn, an 1 Feabhra, 2025 agus beidh Lá Fhéile Pádraig ann ar an Luan, an 17ú Márta, 2025.
🥚 Tosóidh an Carghas in 2025 Dé Céadaoin, an 5ú Márta agus beidh Domhnach Cásca ann ar an 20ú Aibreán.
Is cuma cén tráth den bhliain is fearr libh – beidh muidne ann as seo go deireadh na bliana le neart ábhar léitheoireachta a chur ar fáil daoibh! Go n-éirí libh sa scoilbhliain úr!
Le plé / le déanamh
Cé acu is fearr leat – bheith ar scoil nó bheith ar saoire? Cén fáth?
Cén tráth den bhliain is fearr leat agus cén fáth?
Mar rang, pléigí na spriocanna a bheas agaibh don scoilbhliain úr agus déanaigí liosta. Cén sprioc atá ag uimhir a haon sa liosta?