Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá deireadh na scoilbhliana beagnach linn. Beidh NuachtAnois ag druidim inniu don samhradh ach ní raibh muid ag iarraidh sibh a fhágáil gan rud beag eolais a thabhairt daoibh faoi chuid de na mórscéalta nuachta a dtig linn a bheith ag súil leo le linn na saoire.
Má bhí tú ag éisteacht leis an nuacht ar chor ar bith an tseachtain seo, beidh a fhios agat go raibh toghcháin ann i ndeisceart na tíre le gairid. Bhuel, beidh toghchán eile ann i dtuaisceart na tíre i dtús mhí Iúil. Anois, ní dhéanfaidh an toghchán sin mórán uilig de dhifear don saol againne anseo, thuaidh ná theas, ach gach seans go mbeidh rialtas nua ann i Sasana nuair a thiocfas muid ar ais i ndiaidh na saoire.
Beidh muintir an Tuaiscirt ag vótáil le polaiteoirí a chur go Parlaimint na Breataine in Westminster
Faigh níos mó eolais ar chúrsaí vótála agus toghcháin san alt seo: Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais.
Má tá suim agat sa spórt – beidh go leor ag tarlú an samhradh seo le do spéis a choinneáil múscailte – agus ní bheidh ort fanacht rófhada ach an oiread…
Anocht, cuirfear tús leis an mhórchomórtas sacair, Euro 24, ar 7 a chlog, am na hÉireann, i gcathair München na Gearmáine. Tabharfaidh an Ghearmáin aghaidh ar ár gcairde Ceilteacha, na hAlbanaigh. Imreofar cluiche ceannais Euro 24 i bpríomhchathair na Gearmáine, Beirlín, ar an 14ú Iúil.
Ós rud é nach mbeidh aon fhoireann Éireannach sna babhtaí ceannais, thiocfadh linn tacaíocht a thabhairt do Sgioba na h-Alba. (Tugann Gaeil na hAlban ‘ball coise’ ar an sacar!)
Faigh níos mó eolais ar Chorn na hEorpa san alt seo: Corn na hEorpa, 2024
Cuirfear tús leis na cluichí lúthchleasaíochta is mó ar domhan, Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, i bPáras na Fraince ar an 26ú Iúil. Beidh imeachtaí á reáchtáil i gcathracha fud fad na Fraince* idir an 26ú Iúil agus deireadh na gcluichí ar an 11ú Lúnasa.
Cuirfear tús leis na Cluichí Oilimpeacha i gCathair Pháras
*Mar aon leis na himeachtaí sa Fhrainc, beidh comórtas tonnmharcaíochta na gcluichí Oilimpeacha ann i dTaihítí, oileán beag san Aigéan Ciúin atá faoi smacht na Fraince.
Baineann Taihítí le grúpa d’oileáin san Aigéan Ciúin atá faoi smacht na Fraince. Tugtar Polainéis na Fraince orthu
Tá clú ar Thaihítí mar gheall ar na tonnta móra a bhíonn aici, atá thar a bheith maith don tonnmharcaíocht
Cuardaigh ‘Oilimpeacha’ ar NA le níos mó eolais a fháil.
Thig leat camánacht a thabhairt ar chluiche ar bith a imríonn tú le camán (tugann na hAlbanaigh camanachd ar an chluiche s’acu féin)
Más fearr leat peil agus camánacht – beidh go leor cluichí agus cluichí ceannais ann an samhradh seo.
Páirc an Chrócaigh, áit a n-imreofar na cluichí is mó an samhradh seo
Ar na cinn is tábhachtaí, beidh:
Cluiche Ceannais Chorn Tailteann – an 7ú Iúil
Cluiche Ceannais Iománaíochta – an 21ú Iúil
Cluiche Ceannais Peile na bhFear – an 28ú Iúil
Cluichí Ceannais Peile na mBan – an 4ú Lúnasa
Cluichí Ceannais Camógaíochta – an 11ú Lúnasa
Corn Uí Dhufaigh – corn a bhronntar ar churaidh uile-Éireann na camógaíochta
Cé acu de na spóirt Ghaelacha is fearr leatsa agus cé atá ag dul a bhaint?