Scannán úr Garfield

An 11ú Meitheamh, 2024


Is ainmhithe dalba iad na cait, de ghnáth. Agus is cat thar a bheith dalba é Garfield. Beidh tú ábalta na heachtraí is déanaí ó Garfield a fheiceáil ar an scáileán mór nó tá scannán nua Garfield amuigh sna pictiúrlanna anois.

Thosaigh Garfield amach mar chartún i nuachtáin i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus faoin bhliain 2013, bhí sé le feiceáil i níos mó ná 2,500 nuachtán agus iris ar fud na tíre. Insítear scéal an chait fhalsa, Garfield, agus an dúil atá aige sa bhia agus lasáinne go háirithe agus an fuath a thugann sé don Luan. Sin an lá a théann Jon, a úinéir, ar obair. Caitheann Garfield a chuid ama ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Jon agus ar Odie, an madadh, agus is minic a éiríonn leis.

Garfield agus Odie, an madadh

Ní hé seo an chéad uair a bhí Garfield i scannán – seo an tríú ceann agus, ar ndóigh, tá roinnt sraitheanna teilifíse aige chomh maith. Sa scannán nua, feicimid Garfield agus Odie ag iarraidh smailc a fháil ag meán oíche ach fuadaítear iad! Is é Vic, an t-athair nach bhfaca Garfield ó bhí sé ina phuisín, a tharrthálann iad ach níl ansin ach tús na n-eachtraí!

Is beochan é an scannán nua agus úsáidtear ríomhairí leis na radhairc agus na carachtair a dhéanamh, rud atá coitianta sa lá inniu. Ach is daoine daonna a dhéanann na guthanna. Tá Chris Pratt ar ais mar ghuth Garfield agus déanann an t-aisteoir mór le rá, Samuel L Jackson, guth athair Garfield.

Samuel L Jackson


Le déanamh

Léigh faoi na fuaimeanna a dhéanann cait anseo.


An bhfaca tú an scannán go fóill? Scríobh alt beag faoi na rudaí is mó a thaitin leat nó nár thaitin leat.


An bhfuil lá ar bith den tseachtain nach maith leat? Cad chuige sin?


Pictiúir:

Garfield ina luí: MOHAMEDE el haryry / Shutterstock.com

Garfield sa phictiúrlann: Sarunyu L / Shutterstock.com

Stampa: catwalker / Shutterstock.com

Dialann: cfg1978 / Shutterstock.com

Samuel L Jackson: Tinseltown / Shutterstock.com


meas