Ór go leor d’Éirinn

An 11ú Meitheamh, 2024


Bhí an comórtas ann sa Róimh, nó Roma, san Iodáilis


Bhí Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa ann ag deireadh na seachtaine sa Róimh, príomhchathair na hIodáile. Sular thosaigh comórtais na Róimhe, bhí sé níos mó ná cúig bliana is fiche ó bhain duine ar bith as Éirinn bonn óir sa chomórtas lúthchleasaíochta seo. 

Thug an reathaí, Sonia O’Sullivan, dhá bhonn óir abhaile léi in 1998 – ceann amháin don rás 5,000 méadar agus ceann eile don rás 10,000 méadar


Seo mar a chríochnaigh Sonia an rás 5000 méadar san Ungáir in 1998


Ach anois, tá an fanacht thart nó ag searmanas bronnta na mbonn inné (Dé Luain), bronnadh CÚIG bhonn óir ar lúthchleasaithe de chuid na hÉireann!

Chris O’Donnell, Rhasidat Adeleke, Sharlene Mawdsley agus Thomas Barr i ndiaidh dóibh an rás sealaíochta a bhaint


Dé hAoine, d’éirigh le foireann na hÉireann an chéad áit a bhaint amach sa rás sealaíochta measctha. Thrasnaigh Chris O’Donnell, Rhasidat Adeleke, Thomas Barr agus Sharlene Mawdsley an líne 0.77 soicind chun tosaigh ar fhoireann na hIodáile. Tháinig foireann na hÍsiltíre isteach sa tríú háit leis an bhonn cré-umha a thabhairt leo.

Sharlene amuigh chun tosaigh agus reathaithe ón Iodáil agus ón Ísiltír ar a cúl


Ansin, oíche Dhomhnaigh, rinne Ciara Mageean as Port an Pheire, Contae an Dúin, éacht nuair a bhain sí an bonn óir sa rás 1,500 méadar. Ba é seo an chéad mhór-chomórtas riamh a bhain reathaí Chontae an Dúin.

 Ciara Mageean as Contae an Dúin


Is cianreathaí í Ciara, ciallaíonn sé sin go ritheann sí i rásaí fada. Bíonn níos mó ná luas i gceist sa chianrásaíocht, bíonn teaicticí iontach tábhachtach fosta. Sa rás Dé Domhnaigh, rith beirt reathaithe as an Bhreatain amach chun tosaigh go luath sa rás. An plean a bhí acu ná bheith ag rith iontach cóngarach dá chéile agus gan spás ar bith a fhágáil le go dtiocfadh le duine ar bith dul thart leo.

Thuig Ciara an rud a bhí ar bun acu agus d’fhan sí go dtí deireadh an rása. Nuair a chonaic sí spás beag idir na Briotanaigh, bhris sí tríd agus thug sí rúid ar an líne chríche.

Mar a chuaigh Ciara thart leis an bheirt reathaithe ón Bhreatain leis an rás a bhaint


Nuair a bhaineann tú bonn óir i gcomórtas mór lúthchleasaíochta, seinneann siad amhrán náisiúnta do thíre agus iad ag bronnadh an bhoinn ort. Dúirt Ciara gurbh é sin an t-aon rud a bhí ar a hintinn aici roimh an rás – Amhrán na bhFiann a chluinstin ag an deireadh. Agus í ag labhairt faoin bheirt Bhriotanach ag iarraidh í a dhruidim amach, arsa Ciara, ‘D’imir mise camógaíocht mo shaol ar fad, tá a fhios agam an dóigh le briseadh tríd a dhéanamh!’

Shamhlaigh Ciara í féin ag glacadh leis an bhonn óir agus ag éisteacht leis an amhrán náisiúnta – spreag sé sin chun tosaigh í

(úsáideadh an intleacht shaorga leis an phictiúr seo a dhéanamh)


Beidh foireann na hÉireann iontach dóchasach anois agus iad ag súil leis na Cluichí Oilimpeacha i bPáras an samhradh seo.

An cheist atá ann anois – an dtig linn boinn óir a bhaint i bPáras an samhradh seo?


Le plé / le déanamh

🏃‍♀️ Faigh níos mó eolais ar na Cluichí Oilimpeacha a bheas ann an samhradh seo, léigh an t-alt seo.

🏃‍♀️ Cén spórt is fearr leat sa lúthchleasaíocht agus cén fáth?


Creidiúintí

meas