Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ba í Helen Keller an chéad duine a bhí bodhar agus dall a bhain céim ollscoile amach sna Stáit Aontaithe. I ndiaidh di an dóigh le labhairt a fhoghlaim, thosaigh sí a thabhairt óráidí agus léachtaí. Tháinig na sluaite le héisteacht léi. Bhí an-suim ag daoine i scéal na mná seo a sháraigh deacrachtaí móra ina saol.
Helen Keller agus Anne Sullivan
Níor lig Helen dá cuid fadhbanna stop a chur léi nuair ba mhaith léi rud éigin a dhéanamh. Ghlac sé níos mó ama uirthi rudaí a fhoghlaim ná ar dhaoine eile, ach chuir sí an staidéar isteach agus d’éirigh léi. D’fhan Anne Sullivan mar chomrádaí do Helen trína saol, ag cuidiú léi lena staidéar agus lena léachtaí ina dhiaidh sin.
Bhí clú agus cáil ar Helen ar fud an domhain agus thaistil sí go dtí 39 tír dhifriúil i rith a saoil. Labhair sí le daoine faoina saol féin agus na deacrachtaí a sháraigh sí. Bhí sí go mór ar son deiseanna a thabhairt do dhaoine a raibh míchumas orthu. Ach, labhair sí amach fosta in éadan na ndeacrachtaí a bhí ag na daoine bochta. D’aithin sí nach mbeadh na deiseanna saoil céanna aici féin, ach ab é go raibh a teaghlach measartha saibhir. Scríobh sí ailt a mhol gur chóir cearta a thabhairt do na daoine bochta - cearta oibre agus tacaíocht sláinte. (Ag an am sin, bhí ar dhaoine íoc leis an dochtúir a fheiceáil agus leigheas a fháil. Is minic a fuair daoine, go háirithe páistí, bás mar nach raibh go leor airgid ag a dteaghlach le híoc as cúram leighis dóibh.)
Ag an am sin, bhí mná ag iarraidh na cearta céanna a bheith acu.
D’aithin Helen nach raibh an domhan cothrom agus labhair sí amach ina éadan seo. Ní raibh sí sásta leis an chiníochas in éadan na ndaoine gorma i Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach oiread. Throid sí leis an vóta a fháil do mhná chomh maith. B’fhéidir gur ghlac sé na blianta uirthi an dóigh le labhairt a fhoghlaim, ach is cinnte go raibh a guth féin aici. D’úsáid sí a guth le labhairt amach ar son daoine eile le linn a saoil.
Bhí clú uirthi as comhbhá a thaispeáint do dhaoine eile. Dúirt sí “Ní féidir na rudaí is fearr agus is áille ar an Domhan seo a fheiceáil ná do lámh a chur orthu. Caithfidh tú iad a mhothú le do chroí.” Chreid sí gur cheart d’achan duine grá agus comhbhá a thaispeáint dá chéile.
Ba réalta mhór é Charlie Chaplin ag an am.
Bhí cairde cáiliúla ag Helen, cosúil le Alexander Graham Bell, Charlie Chaplin agus Mark Twain. D’aithin siad uilig gur bean thar a bheith cliste a bhí inti. Bhuail Helen le gach uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá ó Grover Cleveland (in 1888) go dtí Lyndon B Johnson in 1964. Bhronn L B Johnson an onóir is mó sa tír uirthi (do dhaoine nach raibh san arm), Bonn Saoirse an Uachtaráin.
D’ainneoin í a bheith dall agus bodhar ó aois an-óg, níor lig Helen do rud ar bith bac a chur uirthi. Fuair sí oideachas maith, scríobh sí leabhair agus thaistil sí ar fud an domhain. I 1946 agus í ag eitilt go dtí an Eoraip le hóráidí a thabhairt ansin, d’eitil Helen an t-eitleán ar feadh cuid den turas. Dúirt an píolóta go raibh sí muiníneach agus ábalta i mbun an eitleáin. Níor chaill bean an mhisnigh riamh é!
Thaispeáin Helen le linn a saoil go dtig leat deacrachtaí móra a shárú le tréaniarrachtaí, le dearcadh dearfach agus le cuidiú ó chara mórchroíoch. Fuair sí bás ar an 1 Meitheamh in 1968. Níos mó ná tríocha bliain i ndiaidh di bás a fháil, chuir an t-irisleabhar idirnáisiúnta, ‘Time’, í ar a liosta den 100 duine is tábhachtaí sa 20ú haois (ó 1900 -1999).
Dealbh de Anne Sullivan agus Helen Keller
Le plé:
Déan achoimre ar an mhéid a d’éirigh le Helen Keller a bhaint amach, d’ainneoin a deacrachtaí.
Cad iad na cúiseanna a raibh sí go mór ar a son?
Cén fáth, i do bharúil, ar chreid Helen Keller i gcumhacht an ghrá agus na comhbhá?
Cad é a tharlódh do Helen, dar leat, mura mbuaileadh sí le hAnne Sullivan riamh?
D'fhoghlaim Helen an dóigh le léamh le Braille agus í ar scoil. Léigh an t-alt seo le níos mó eolais a fháil ar an chóras scríbhneoireachta/léitheoireachta sin.
Le déanamh:
Bhuail Helen le gach uachtarán a bhí ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1888-1968. Déan taighde le hainmneacha na n-uachtarán sin a fháil amach.
Pictiúir:
Stampa: tristan tan / Shutterstock.com
My Life: sumit pant / Shutterstock.com