Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bean ildánach a bhí in Helen Keller. Rugadh í ar an 27 Meitheamh in 1880 i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mhair sí in am nuair nach raibh cothrom na Féinne ann do na mná, ach, d’éirigh léi céim ollscoile a bhaint amach ó Ollscoil Harvard in 1904. Bhí sé suntasach go leor ag an am sin, go mbainfeadh bean an t-ardleibhéal oideachais sin amach in ollscoil chlúiteach, cosúil le Harvard, ACH, ba dhuine iontach speisialta í Helen.
Harvard
Ní raibh Helen cosúil le daoine eile. Tharla tubaiste di nuair nach raibh sí ach 19 mí d’aois. D’éirigh sí iontach tinn agus chaill sí radharc na súl agus éisteacht na gcluas. Ina dhiaidh sin, d’fhás sí aníos sa teach agus a teaghlach thart uirthi, ach ní raibh sí ábalta labhairt leo ná cumarsáid cheart a dhéanamh leo. Bhí sí fágtha léi féin i ndomhan a bhí dorcha ciúin.
Ach, d’athraigh sin nuair a bhí Helen seacht mbliana d’aois. Fuair máthair Helen bean óg darb ainm Anne Sullivan le bheith ina múinteoir ag Helen. Bhí fadhbanna radhairc ag Anne féin, ach go fóill, d’éirigh léi dul ar scoil agus oideachas a fháil. Thosaigh Anne a litriú focal ar lámh Helen do gach rud a bhí thart uirthi. An chéad fhocal a litrigh sí ná d-o-l-l mar gur thug sí bábóg do Helen mar bhronntanas.
Bhuail Anne Sullivan le Helen nuair a bhí sí 7 mbliana d’aois.
Ar dtús, ní raibh a fhios ag Helen cad é a bhí Anne ag iarraidh a dhéanamh. Ach, i ndiaidh míosa, thosaigh Helen a thuigbheáil go raibh Anne ag tabhairt ainm ar gach rud a bhí thart uirthi. Tharla seo an chéad uair nuair a bhí Anne ag cur uisce ar lámh amháin agus ag litriú an fhocail ag an am céanna ar lámh eile Helen. Go tobann, thuig Helen gurb ionann an rud deas fionnuar a mhothaigh sí ar lámh amháin agus na comharthaí a rinne Anne ar a lámh eile.
I ndiaidh bliana agus í ag foghlaim le hAnne sa teach, thosaigh Helen de bheith ag freastal ar scoil speisialta do dhaoine a bhí dall. Ach bhí Anne go fóill ag cuidiú léi sa bhaile. Nuair a bhí Helen 14 bliana d’aois, bhog sí féin agus Anne go Nua-Eabhrac sa dóigh go dtiocfadh le Helen freastal ar scoil speisialta eile, do dhaoine a bhí bodhar an iarraidh seo. Bhí Helen ag iarraidh bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh le daoine eile ar an bhealach is fusa dóibh agus mar sin, chuaigh sí chuig scoil ina raibh daoine ábalta cloisteáil. Is mar sin a d’fhoghlaim sí an dóigh le labhairt.
An teach inar rugadh Helen in Tuscumbia, Alabama.
Le déanamh:
Rugadh Helen in Alabama. Cuardaigh an stát sin ar léarscáil Mheiriceá.
Cá fhad ó shin a rugadh Helen? Cén aois a bhí aici nuair a fuair sí bás?
Samhlaigh nach raibh tú féin ábalta a fheiceáil ná a chloisteáil. Cad iad na rudaí a dhéanann tú anois go furasta ach a bheadh deacair (nó dodhéanta) ort a dhéanamh agus tú dall nó bodhar?
Cad é mar a mhothaigh Helen, i do bharúil, mar pháiste óg sna blianta nuair nach raibh sí ábalta cumarsáid a dhéanamh le daoine?
D'fhoghlaim Helen an dóigh le léamh le Braille agus í ar scoil. Léigh an t-alt seo le níos mó eolais a fháil ar an chóras scríbhneoireachta/léitheoireachta sin.
Pictiúir:
Teach Helen: Calstanhope: Creative Commons