Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An chorr oíche bhuícorónach nua a bhog (in éadan a tola!) go Contae Mhaigh Eo
Tá cuid mhór éanbhreathnóirí iontach tógtha an tseachtain seo mar gheall ar éan nua i mBaile na Cora i gContae Mhaigh Eo. Is corr oíche bhuíchorónach é an t-éan seo, éan nach gcónaíonn ach i Meiriceá Thuaidh agus i Meiriceá Theas, de ghnáth.
Tháinig an chorr oíche seo an bealach ar fad as Meiriceá go Contae Mhaigh Eo!
Tá an chorr oíche bhuíchorónach rud beag níos lú ná corr na hÉireann agus, má amharcann tú go géar uirthi, tá cleití buí le feiceáil ar a cloigeann, rud a mhíníonn an t-ainm buíchorónach. Seo an chéad uair riamh roimhe a chonaic duine ar bith an t-éan seo in Éirinn agus ní fhacthas ach ceann amháin eile roimhe seo san Eoraip ar fad – ar oileán amach ó chósta na Portaingéile, cúpla bliain ó shin.
Corr oíche chorónach ina háit dhúchais, i Meiriceá
Bean as Baile na Cora darb ainm Lorraine Ryan Jennings a thug an chorr oíche faoi deara an chéad uair. Bhí a fhios aici go raibh rud éigin rud beag difriúil fúithi. Nuair a chonaic éaneolaithe pictiúr den éan, bhí a fhios acu go raibh an chorr seo iontach speisialta ar fad. Níl duine ar bith iomlán cinnte cén uair a tháinig an chorr oíche go Contae Mhaigh Eo ach síleann na héaneolaithe go bhfuil gach seans ann gur scuab gaotha agus stoirmeacha móra í trasna an Atlantaigh san fhómhar anuraidh.
Gach seans go ndearna an chorr oíche iarracht eitilt ar shiúl áit éigin nuair a bhuail stoirmeacha Meiriceá – ar an drochuair di, scuab an ghaoth léi go hÉirinn í!
Dar le héaneolaí amháin, Eric Dempsey, go bhfuil an chorr oíche bhuíchorónach seo breá sásta i mBaile na Cora. Tá neart le hithe aici agus tá sláinte mhaith uirthi. Dúirt sé fosta, áfach, nach bhfeicfidh an t-éan seo a háit dhúchais choíche go deo arís. Caithfidh sí an chuid eile dá saol anois, léi féin, in Éirinn.
An chorr oíche bhuíchorónach i gContae Mhaigh Eo
Ná héirigh measctha idir an dá fhocal!
An Chorr
An chorr réisc, corr dhúchasach na hÉireann
Is éan í an chorr. An ‘chorr réisc’ an t-ainm atá ar an chorr dhúchasach atá againne, anseo in Éirinn. Tugaimid ainm difriúil uirthi, ag brath ar an áit sa tír a bhfuil tú. Tá sí rud beag níos mó ná an chorr oíche bhuíchorónach. Seo a leanas cuid de na hainmneacha a thugaimid uirthi:
𓅣 An chorr réisc
𓅣 An chorr mhóna
𓅣 An chorr éisc
𓅣 Máire fhada
𓅣 Nóra na bportach
𓅣 Síle na bportach
Cor
Ciallaíonn cor casadh nó tiontú. Mar shampla, cor úr sa scéal, sin ‘casadh nua sa scéal’. Sa chás seo, is dócha go mbaineann an ‘cor’ le casadh in Abhainn Mhaigh Nulla, an abhainn a ritheann tríd Bhaile na Cora, áit a gcónaíonn an chorr oíche anois. Is dócha go bhfuair Baile na Cora a ainm ón chor, nó casadh, seo san abhainn.
In amanna, nuair a fheiceann tú cor i logainm, ciallaíonn sé ‘casadh in abhainn’
Le plé/le déanamh
An bhfuil dúil agatsa sna héin? Cén t-éan is fearr leat agus cén fáth?
An mbíonn éin dheasa ar bith le feiceáil sa cheantar s’agatsa? An bhfuair tú pictiúr de cheann riamh – seol isteach chugainn é.
Tá muintir Bhaile na Cora ag súil leis na sluaite d’éanbhreathnóirí a theacht go dtí an baile anois leis an éan a fheiceáil. An ndéanfá féin turas fada leis an éan seo a fheiceáil? Mínigh do fhreagra.
Amharc ar theideal an ailt seo – cad é a chiallaíonn corr sa chás seo? Cad é an rud é ‘éan corr’? Cad chuige ar roghnaíodh seo mar theideal?