Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An bhfuil dúil agat i rollchóstóirí? An mbaineann tú sult as dul suas cnoc agus ansin, ag an bharr, imeacht d’ardluas? An maith leat bheith bunoscionn soicind amháin agus an bealach ceart thuas, soicind ina dhiaidh?
Tá na rudaí seo agus tuilleadh ar fáil ag páirc nua i gContae na Mí, Emerald Park (Seans gur chuala tú faoi Pháirc Tayto roimhe ach tá ainm nua ar an Pháirc anois, Emerald Park.) Agus bhí scéal mór ag an pháirc an tseachtain seo caite nó tá an rollchóstóir fite fuaite is mó san Eoraip acu i gcuid den pháirc darb ainm Tír na nÓg.
Tá an dá mharcaíocht fite fuaite ar a chéile.
Is é an rud atá i gceist leis an rollchostóir fite fuaite ná go bhfuil dhá mharcaíocht fite fuaite lena chéile. An chéad cheann, ‘Na Fianna Force’ an ceann is mó. Tá sé 32 méadar ar airde agus téann na carráistí suas go 90km san uair ag an phointe is gasta. Tá sé 750 méadar ar fad agus téann sé bunoscionn cúig huaire in aon mharcaíocht amháin! Tá an dara marcaíocht, ‘The Quest’, giota beag níos suaimhní, ach ní mórán! Tá sé 25 méadar ar airde agus téann sé suas go 60km san uair.
Comhlacht ón Ísiltír, Vekoma, comhlacht a dhéanann marcaíochtaí do Disney, a rinne na marcaíochtaí seo. Chaith na húinéirí a lán airgid, €22m, ar na forbairtí seo agus rudaí eile sa pháirc.
Túracó corcairghorm
Taobh amuigh de na rollchóstóirí móra, tá marcaíochtaí eile sa pháirc atá oiriúnach do gach aois ó luascáin go dtí siúlóid san aer, cluichí uisce agus roithleagán ró. Agus má éiríonn tú tuirseach de na heachtraí, thig leat cuairt a thabhairt ar an zú. Tá a lán éan difriúil ann, liopaird, moncaithe, seacáil, alpacaí agus sionnaigh, agus níl ansin ach cuid bheag den liosta ainmhithe atá ann.
Roithleagán ró
Le déanamh:
Meallann páirceanna mar Emerald Park turasóirí le dul ann. Cad iad na rudaí is mó a mheallann daoine chuig Emerald Park, dar leat?
Ar thug tú cuairt ar Emerald Park nó Páirc Tayto nó áit cosúil leis? Ar thaitin sé leat agus an rachfá ar ais arís? Cad chuige a mbaineann daoine sult as marcaíochtaí mar seo? Scríobh faoi na rudaí is mó a thaitin leat féin.
Luaigh trí áit turasóireachta atá i do chontae féin. Cad chuige a dtéann daoine ann?
Tá go leor Gaeilge le feiceáil i bPáirc Emerald, an síleann tú gur tábhachtach é sin? Cén fáth?
Pictiúir:
Gach pictiúr le caoinchead Emerald Park.