Radharc an Éin

An 21ú Bealtaine, 2024


Ar amharc tú ar léarscáil riamh? Is rud an-úsáideach í. Bíonn léarscáileanna in úsáid go minic ag daoine fásta. Sna blianta a chuaigh thart, tharraing na cartagrafaithe ar pháipéar iad.

('Pacata Hibernia' - sean léarscáil na hÉireann, pic san fhearann poiblí trí picryl.com)


Ach, sa lá atá inniu ann, bíonn léarscáileanna in úsáid againn go leictreonach - ar ghuthán, mar shampla. 

(léarscáil leictreonach sa charr)


Más maith leat do bhealach a dhéanamh thart ar bhaile difriúil (agus tú ar do laethanta saoire, mar shampla) beidh léarscáil de dhíth ort - sin, nó beidh tú caillte! Ach, ar smaoinigh tú riamh faoin dóigh a ndéantar léarscáil? Ní hionann léarscáil agus pictiúr de gach rud atá le feiceáil san áit - cnoc nó sliabh, coill, foirgneamh, bóthar, páirc, srl.

(pictiúr de na foirgnimh ar shráid)


Ina áit sin, úsáideann an cartagrafaí cleas darbh ainm radharc an éin. An chiall atá leis sin ná go samhlaíonn an cartagrafaí go bhfuil sé nó sí ag eitilt thar an áit, mar a bheadh éan ann. Tarraingíonn an cartagrafaí an cruth atá ar gach rud atá le feiceáil dá mbeifeá ag amharc ón spéir anuas.

(An radharc anuas ar an longchlós i mBéal Feirste. Pic le caoinchead ©️Gerard Curley - Virtual Towns.)


Fadó fadó, bhí sé measartha deacair léarscáil a tharraingt. Bhí ort dreapadh in airde ar chnoc nó sliabh, nó ar fhoirgneamh ard le cuidiú leat an radharc anuas a fháil. Fiú ansin, ní raibh na cartagrafaithe i gcónaí ábalta éirí ard go leor le gach rud a fheiceáil mar is ceart. In amanna, bheadh orthu a samhlaíocht a úsáid.

(Radharc anuas ar an fhoirgneamh Titanic. Pic le caoinchead ©️Gerard Curley - Virtual Towns)


Ach, sa lá atá inniu ann, tá sé níos fusa ag na cartagrafaithe mar go bhfuil dróin agus satailítí againn a théann suas go hard sa spéir agus a ghlacann pictiúir dúinn.


Le plé nó le déanamh

Cad é atá i gceist le radharc an éin? Mínigh i d’fhocail féin é.


Cad chuige, i do bharúil, ar thosaigh na cartagrafaithe fadó ag úsáid radharc an éin? Cad chuige nár tharraing siad pictiúir go díreach de na foirgnimh, na crainn, na sléibhte, srl. a chonaic siad nuair a bhí siad ag déanamh a mbealaigh ó áit amháin go háit eile?


Amharc thart ar do rang nó ar do scoil. Tarraing pictiúir de na príomhrudaí a fheiceann tú. Ansin, tarraing léarscáil den áit chéanna. Cad é atá difriúil idir an radharc ar an talamh agus an radharc anuas ón spéir? Cé acu is fearr le daoine nua a threorú thart ar an áit? Mínigh do fhreagra.


Amharc ar sheanléarscáil na hÉireann a tarraingíodh sa 16ú haois. Cuir i gcomparáid í le léarscáil na tíre inniu. Cad é atá cosúil agus cad é atá difriúil idir an tsean-léarscáil agus an léarscáil úr? 


Is léarscáil í sin a tarraingíodh le linn ré na banríona Elizabeth I, nuair a bhí Sasana ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar Éirinn. An féidir leat smaoineamh ar fáthanna nach bhfuil an léarscáil cruinn ceart?


Amharc ar an phictiúr den longchlós, nó den fhoirgneamh Titanic. An féidir leat léarscáil radharc an éin a tharraingt bunaithe ar na pictiúir sin?


meas