Lá Domhanda na mBeach

An 20ú Bealtaine, 2024


Inniu Lá Domhanda na mBeach, an 20ú lá Bealtaine. Déantar ceiliúradh ar Lá na mBeach chun feasacht a ardú ar na bagairtí atá ann do na pailneoirí, cosúil leis na beacha, ó ghníomhaíochtaí daonna. 

Cheadaigh na Náisiúin Aontaithe an lá seo ag deireadh 2017 (i ndiaidh moladh ó rialtas na Slóivéine). Rinneadh ceiliúradh ar chéad Lá Idirnáisiúnta na mBeach Dé Domhnaigh, an 20ú lá Bealtaine, 2018. Mar sin de, is féile úr í san fhéilire agus seans nár chuala sibh iomrá uirthi go dtí seo. 

Cad chuige ar roghnaigh siad an 20ú lá Bealtaine mar sin? Bhuel, rugadh Anton Janša, fear ón tSlóivéin a bhí ceannródaíoch sa bheachaireacht ar an lá sin i 1734. Ba eisean an chéad mhúinteoir beachaireachta a bhí ag an Bhanimpire Maria Theresa. Rinne Janša staidéar ar na beacha agus scríobh sé dhá leabhar fúthu. D’athraigh sé an cruth de na coirceoga a bhí in úsáid ag daoine roimhe sin, agus d’athraigh sé fosta an áit ar chuir siad iad. Mhol sé na coirceoga a bhogadh go dtí talamh féarach. 

Coirceoga ar thalamh féarach


Dúirt Janša nach raibh ar dhromchla an domhain créatúr ar bith a bhí chomh dícheallach, ná chomh húsáideach don chine dhaonna, leis an bheach. Nuair a fuair sé bás in 1773, d’eisigh an Banimpire Maria Theresa forógra do gach duine a bheadh ag múineadh na beachaireachta. D’ordaigh sí go mbeadh orthu leabhair Anton Janša a úsáid. 

Beacha ag cruthú meala i gcoirceog


Cé go raibh a lán eolais ag Janša ar na beacha, is dócha nár smaoinigh sé riamh go dtiocfadh an lá nuair a bheadh na beacha i mbaol imeacht in éag. Ach, faraor, is é sin an fáth ar cuireadh tús le Lá Domhanda na mBeach le blianta beaga anuas. Thuig Anton Janša go gcuireann na beacha beaga an chéad chéim i bpróiseas dhéanta ár mbia sa siúl. Iompraíonn na beacha pailin ó phlanda amháin go dtí planda eile. Ligeann sé seo do na plandaí síolrú agus plandaí nua a chruthú. Gan na beacha, ní bheadh mórán plandaí ar an domhan, agus gan mórán plandaí, ní bheadh go leor bia ann dúinne ná do na hainmhithe! Mar sin de, tabhair aire do na beacha!

Beach ag iompar pailine o bhláth amháin go dtí bláthanna eile



Le plé

🐝 Cén fáth a bhfuil beacha tábhachtach dár dtimpeallacht?

🐝 Cé hé Anton Janša agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach i stair na beachaireachta?

🐝 Cad iad na bagairtí atá os comhair na mbeach inniu?

🐝 Conas a chabhraíonn sé le beacha nuair a bhogtar na coirceoga go dtí talamh féarach, dar le Anton Janša?

🐝 Cad is féidir linne a dhéanamh chun beacha a chosaint?


meas