Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá sé níos mó ná 50 bliain ó bhí daoine ar an Ghealach. Ach tá rás ar bonn anois le dul ar ais chuig an tsatailít is mó atá ag an Domhan. Cheana féin, dúirt Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), an Rúis, an India agus an tSín go gcuirfidh siad daoine chun na Gealaí sna blianta beaga amach romhainn. Deirtear go bhfuil SAM chun tosaigh sa rás seo. Tá plean acu daoine a chur thart ar an Ghealach in 2026 agus daoine a chur ar thalamh na Gealaí cúpla bliain ina dhiaidh.
Ar an mheán, tá an Ghealach 385,000km ar shiúl ón Domhan agus glacann sé thart ar 3 lá le dul ann. Rud amháin faoin Ghealach ná go bhfuil an imtharraingt níos laige ná mar atá ar an Domhan. Sin de thairbhe go bhfuil an Ghealach níos lú agus go bhfuil níos lú maise inti.
Cos duine ar an Ghealach
Tá sin iontach maith más maith leat siúl thart ar an Ghealach. Ní mhothóidh tú ach an séú cuid den mheáchan agus a mhothófá ar an Domhan. Ciallaíonn sin go mbeidh tú ábalta léim i bhfad níos airde suas agus beidh sé níos fusa rith thart.
Ach, tá míbhuntáiste mór amháin ag baint leis an imtharraingt lag seo: Má fhanann tú ann tamall fada, éireoidh do mhatáin agus do chnámha níos laige, go háirithe i do dhroim agus sna cosa. Má fheictear imtharraingt (nó ‘domhantarraingt’ ar an Domhan) mar bhrú síos ort, bíonn ar na matáin agus na cnámha ‘troid’ ina éadan sin. Gan an brú seo, éireoidh siad lag. Sin an fáth a mbíonn ar spásairí a lán aclaíochta a dhéanamh agus iad sa spás. Agus is cuma cá mhéad a dhéanann siad, ní leor é.
Anois, tá eolaithe ag amharc ar dhóigh nua le haclaíocht a dhéanamh ar an Ghealach. Síleann siad go mbeadh cúpla rith sa lá ar ‘Bhalla an Bháis’ ina chuidiú mór do na matáin agus na cnámha. Is cineál de shorcóir é Balla an Bháis agus má théann tú thart gasta go leor, cruthaíonn tú fórsa a bhíonn in iomaíocht leis an domhantarraingt agus ní thiteann tú. Ar an Domhan, áit a bhfuil imtharraingt níos mó, bíonn ort dul iontach gasta le nach dtitfidh tú ó Bhalla an Bháis. Is féidir é a dhéanamh le gluaisrothar ach ní bheadh duine ábalta rith gasta go leor. Ar an Ghealach, áfach, níl an imtharraingt chomh láidir sin agus bheadh spásairí ábalta rith gasta go leor le nach dtitfeadh siad. Tá na heolaithe ag déanamh tástálacha air faoi láthair.
Le déanamh:
Tá imtharraingt níos lú ar an Ghealach. Déan dialann de lá amháin a chaith tú ar an Ghealach ag smaoineamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an imtharraingt lag.
Amharc ar phictiúir de na spásairí ar an Ghealach. Tabhair faoi deara an dóigh a ‘léimeann’ siad agus iad ag siúl.
Pictiúir:
Gluaisrothar i mBalla an Bháis: Devin Tolleson / Shutterstock.com
Gluaisrothar dearg i mBalla an Bháis: Jahangir Alam Onuchcha / Shutterstock.com