An chuach

An 14ú Bealtaine, 2024


Is éin iontach speisialta iad na cuacha. Caitheann siad cuid den am in Éirinn, agus ansin, nuair a éiríonn sé fuar roimh an gheimhreadh, tugann siad cuairt ar thíortha níos teo. Agus tá eolaithe i bPáirc Náisiúnta Chill Áirne, i gCiarraí, i ndiaidh an turas seo a leanúint ar feadh bliana.

Páirc Náisiúnta Chill Áirne

An t-am seo anuraidh, chuir na heolaithe rianaire raidió ar thrí chuach a bhí sa pháirc. Bhí an rianaire ceangailte de ríomhaire agus chuir sé teachtaireacht ar ais ag insint cén áit a raibh na héin. Thuig na heolaithe go n-imíonn na cuacha ag deireadh an tsamhraidh ach ní raibh siad cinnte cá háit agus cén bealach a ndeachaigh siad.

Tá rianaire ar mhuineál na gé seo

Ba spéisiúil an turas a bhí ag cuach amháin, Cuach PK. Chuaigh sé go dtí an Bhreatain, an Fhrainc, an Spáinn agus rinne sé turas thar an Afraic go dtí an Congó. Ansin, ag tús mhí Bhealtaine, chuala na heolaithe an scairt ‘cú-cú’ agus bhí a fhios acu go raibh Cuach PK ar ais.

Bíonn aimsir the ann sa Chongó

Ní gnáth-thuismitheoir í an chuach. Déanann an chuid is mó de na héin in Éirinn nead dá gcuid féin do na huibheacha s’acu. Nuair a thagann na héin óga amach, tugann na tuismitheoirí cúram dóibh. Ach ní hé sin an rud a dhéanann an chuach!

Tá ubh na cuaiche níos mó ná na huibheacha eile sa nead seo

Bíonn thart ar 10 n-ubh ag an chuach agus fágann sí ceann amháin i neadacha éan eile. Ní thugann sí cúram ar bith eile dá cuid uibheacha. Nuair a thagann an chuach óg amach, caitheann sí na huibheacha eile amach as an nead. Tugann an t-éan eile cúram don chuach nó síleann sí gur léi féin í. In amanna, bíonn an chuach óg níos mó ná an ‘tuismitheoir’ nua ach leanann na tuismitheoirí leo ag tabhairt bia di.

Tá an chuach óg níos mó ná a máthair nua!


Le déanamh:

Cá mhéad éan is féidir leat a ainmniú? An féidir leat cur síos a dhéanamh ar na héin seo a leanas: spideog, colúr, faoileán, snag breac, fáinleog, préachán, lonn dubh.


Déan liosta de thrí rud is féidir leat a dhéanamh le cuidiú leis na héin. Cuir do liosta i gcomparáid le cara.

Pictiúir:

Páirc Náisiúnta Chill Áirne: chrisdorney / Shutterstock.com



meas