Gabh buíochas le do mhúinteoir!

An 8ú Bealtaine, 2024


An raibh a fhios agat go mbíonn seachtain amháin gach bliain tiomanta do na múinteoirí? Le linn na chéad seachtaine de mhí na Bealtaine, tugtar aird agus aitheantas do na múinteoirí agus an obair ar fad a dhéanann siad inár scoileanna. Mar sin, is í seo an tseachtain le buíochas a thaispeáint do do mhúinteoirí.


Ar smaoinigh tú riamh faoin mhéid a dhéanann na múinteoirí inár saol? Is jab tábhachtach é. Bíonn teagmháil ag gach duine le múinteoirí i rith a saoil - mar dhaltaí iad féin ar bhunscoil agus ar mheánscoil. Nuair a bheidh tú fásta aníos, seans go mbeidh teagmháil agat arís le múinteoirí agus tú i do thuismitheoir. Cuidíonn na múinteoirí linn ar fad déanamh réidh don saol mar dhaoine fásta.


Agus muid óg, caithimid go leor ama i gcomhluadar na múinteoirí. Bímid ar scoil ar feadh 6 uair an chloig, a bheag nó a mhór, gach lá scoile. Má chaitheann tú an méid sin ama le duine, bíonn aithne mhaith agaibh ar a chéile. Fiú ar an mheánscoil, buailfidh tú leis na múinteoirí céanna gach lá nó cúpla uair gach seachtain.


Taobh amuigh de do theaghlach, is dócha gurb iad do mhúinteoirí na daoine fásta is minice a fheiceann tú i do shaol. Cá mhéad múinteoir a bhí agat i do scolaíocht cheana féin? An seasann duine ar bith acu amach ó na múinteoirí eile i do chuimhne? Ar mhaith leat buíochas a ghabháil le múinteoir ar bith an tseachtain seo as rud éigin deas a rinne sé / sí duit, nó as an mhéid a d’fhoghlaim tú uaidh / uaithi? Gabh buíochas le do mhúinteoir agus cuirfidh tú aoibh an gháire air /uirthi. (B’fhéidir go bhfaighfeá lá saor ón obair bhaile, fiú!)


Le plé nó le déanamh

Smaoinigh ar dhóigheanna ina dtiocfadh leat buíochas a thaispeáint do do mhúinteoirí.


Cuir ceist ar do mhúinteoir cad é ba mhaith leis /léi mar bhronntanas beag an tseachtain seo? (Leathuair chiúnais sa rang? Gan duine ar bith titim amach lena chéile sa chlós ag am lóin? An mbeidh smaoineamh eile aige /aici le cur leis an liosta seo?)


Cuir ceist ar do thuismitheoirí / do chaomhnóirí an raibh múinteoir ar bith acu ar scoil ar mhaith leo buíochas a ghabháil leis / léi? Cad chuige ar mhaith leo sin a dhéanamh? Cad iad na dea-chuimhní atá acu faoin mhúinteoir sin?


Oibrigh amach cá mhéad uair a chloig a chaithfidh tú i gcomhluadar do mhúinteora /do mhúinteoirí an mhí seo?



meas