Marie Curie

An 26ú Aibreán, 2024


Maria Sklodowska, nó Marie Curie, mar is fearr aithne uirthi


Eolaí ceannródaíoch a bhí in Marie Curie. Fuair sí amach faoi rudaí a d’athraigh an saol go mór agus tá na rudaí sin in úsáid againn sa lá inniu. Nuair a chluineann daoine an t-ainm Marie Curie sa lá atá inniu ann, smaoiníonn siad ar an charthanas a dhéanann obair iontach le cuidiú le daoine a bhfuil ailse orthu. Úsáideadh ainm Marie Curie don charthanas seo in ómós don obair iontach a rinne Marie le linn a saoil


Óige Marie Curie

Rugadh Marie Curie sa Pholainn, i mí na Samhna, 1867, ach níorbh é Marie Curie an chéad ainm a bhí uirthi. Maria Sklodowska a bhí uirthi ar dtús. Rugadh i dteaghlach bocht í ach bhí dúil mhór ag Maria san eolaíocht agus bhí sí ag iarraidh dul ar an ollscoil i ndiaidh na scoile le tuilleadh a fhoghlaim. Ba mhúinteoirí iad tuismitheoirí Maria agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh oideachas maith ag a gcuid páistí.

Maria, a beirt dheirfiúracha, agus a n-athair (fuair a máthair bás nuair a bhí siad óg). Ba mhúinteoir é an t-athair agus bhí sé ag iarraidh go mbeadh oideachas maith ag a chlann


Ach, ag an am sin sa Pholainn, ní raibh cead ag mná freastal ar ollscoil agus shocraigh Maria dul go dtí an Fhrainc le staidéar a dhéanamh ar an fhisic agus ar an mhata. Chuaigh a deirfiúr, Bronislawa, chun na Fraince ar dtús, agus chuidigh Maria léi. Nuair a rinneadh dochtúir dá deirfiúr, chuaigh Maria go Páras le stopadh léi.

Nuair a chuaigh sí chun na Fraince, d’athraigh sí a hainm go dtí ‘Marie’.


Páras

Tháinig Marie go Páras sa bhliain 1891. Sula ndeachaigh sí ann, léigh sí a lán leabhar ar an mhata agus ar an fhisic. Bhí a fhios aici gur mhaith léi bheith ina heolaí. Ní raibh a teaghlach ar dhóigh ar bith saibhir, ach ba mhaith leo go mbeadh oideachas den scoth aici. Bhí an-suim aici san oideachas agus d’oibrigh sí go dícheallach. Bhí an bhochtaineacht go forleathan ag an am ach bealach amháin amach as an bhochtaineacht ná oideachas a fháil.

An Sorbonne – ceann de na hollscoileanna is clúití sa Fhrainc. D’fhreastail Marie ar an ollscoil seo


D’éirigh go geal le Marie i bPáras agus bhain sí céim amach san Fhisic. Sa bhliain chéanna, bhuail sí le Pierre Curie, eolaí mar í féin, agus phós siad.

Marie agus Pierre


Eolaíocht

Ag an am sin, ní raibh mórán eolais ag daoine ar an radaíocht ach bhí eolaithe difriúla ag tosú de bheith ag foghlaim fúithi. Bhí Marie ar dhuine de na heolaithe seo.

Baineann radaíocht leis an dóigh a gcuireann rudaí fuinneamh amach ina thonnta – cosúil le raidió, ar dhóigh.


Ní dhéanann gach cineál radaíochta dochar dúinn ach bhí an radaíocht a raibh Marie ag obair léi iontach contúirteach


Bhí an cineál radaíochta a raibh Marie Curie ag obair léi iontach contúirteach. Bhí sí ag obair le ceimiceáin radaighníomhacha. Ní bhíonn na ceimiceáin seo iontach seasmhach. Bíonn siad i gcónaí ag cailleadh cuid dá gcuid fuinnimh agus cuireann siad an fuinneamh amach mar radaíocht. Thig leis an radaíocht seo nimhiú radaíochta a thabhairt duit. Ar an drochuair, ní raibh a fhios ag daoine faoin nimhiú radaíochta ag an am.


Eilimintí nua

Bhí Marie ag déanamh staidéir ar cheimiceán darb ainm úráiniam. Bhí sí ag iarraidh foghlaim faoin radaíocht a thugann úráiniam amach. Is miotal é úráiniam agus bíonn sé ar fáil sa talamh i gclocha (cosúil le hór nó iarann). Tugtar picbhleind ar na clocha a mbíonn an t-úráiniam istigh iontu.

Seo an chuma a bhíonn ar an úráiniam go díreach i ndiaidh dó teacht amach as an talamh. Tugtar picbhleind air. Caithfidh tú an phicbhleind seo a scagadh agus a ghlanadh leis an úráiniam íon a fháil amach aisti


Bhí a fhios aici go mbeadh gathanna radaíochta ag teacht as an phicbhleind ach bhí i bhfad níos mó gathanna ag teacht as ná mar ba chóir. Thug seo leid do Marie go mb’fhéidir go raibh rud éigin sa bhreis istigh sa phicbhleind.

Fuair Marie amach go raibh eilimint radaighníomhach eile sa phicbhleind – raidiam


Chaith Marie agus a fear céile tamall fada ag fiosrú na substainte sa tsaotharlann. Sa deireadh, fuair siad amach gur tháinig siad ar dhá eilimint nua. Thug Marie ‘polóiniam’ ar an chéad cheann nó b’as an Pholainn í. Thug sí ‘raidiam’ ar an eilimint eile nó bhí a lán radaíochta i gceist leis.

Bhí Marie agus Pierre ábalta 1 ghram de raidiam a fháil amach as cúpla tonna de phicbhleind


Radaighníomhaíocht

Bíonn radaíocht thart orainn an t-am ar fad, an solas ón ghrian, mar shampla, nó na tonnta a théann isteach sa raidió nó teilifíseán le fuaim agus pictiúr a thabhairt dúinn. Ach tháinig Marie ar radaíocht speisialta, radaíocht a tharlaíonn nuair a athraíonn eilimint amháin go heilimint eile. Tá gach substaint déanta d’adaimh agus sa phróiseas seo, cailltear cuid den adamh agus tugann sé amach a lán fuinnimh. Ní hamháin gur fhorbair sí an próiseas, ach ba í Marie a chum an téarma ‘radaighníomhaíocht’. Má tá substaint radaighníomhach, tugann sé radaíocht amach.

Níl raidiam seasmhach – cailleann sé cuid dá chuid cáithníní mar radaíocht

Níl raidiam seasmhach – cailleann sé cuid dá chuid cáithníní mar radaíocht


Bhí radaighníomhaíocht iontach tábhachtach don leigheas agus tháinig a lán dochtúirí chuici le níos mó a fhoghlaim fúithi.

Duais Nobel

Bhain Marie Curie an duais Nobel seo dá cuid oibre san fhisic. Bhain sí ceann eile dá cuid oibre sa cheimic


Bhain Marie agus Pierre Curie Duais Nobel sa bhliain 1903, in éineacht le beirt eile, as an obair seo. Is í Duais Nobel an duais is mó is féidir le duine ar bith a fháil san eolaíocht. Ba í Marie an chéad bhean leis an duais seo a bhaint. Ach níorbh é sin an t-aon duais Nobel a bhain sí. Bhain sí a dara duais sa bhliain 1911 as teacht ar an dá eilimint nua, polóiniam agus raidiam. Ba é sin an chéad uair a bhain duine ar bith Duais Nobel den dara huair. Agus, is í an t-aon duine riamh as an Duais Nobel a bhaint as dhá réimse difriúla eolaíochta.

Marie agus Pierre sa tsaotharlann oibre


Ollamh

Ar an drochuair, fuair a fear céile bás i dtaisme sa bhliain 1906. Ghlac sí féin a phost agus bhí sí ar an chéad bhean le bheith ina hollamh sa Sorbonne, ollscoil iontach clúiteach i bPáras. Lean sí léi ag déanamh taighde.


An Chéad Chogadh Domhanda

Dúirt muid thuas gur bronnadh an chéad duais Nobel ar Marie, Pierre agus ar bheith eile in 1903. Duine den bheirt eile ná Wilhelm Roentgen. Ba é Roentgen a fuair amach faoin radaíocht leictreamaighnéadach nó x-ghathanna in 1895. Ligeann x-ghathanna do dhochtúirí pictiúr a ghlacadh de chnámha daoine. Níor thuig mórán daoine an eolaíocht a bhain le x-ghathanna ag an am, ach thuig Marie cé chomh húsáideach is a bheadh siad.

Ligeann x-ghathanna do dhochtúirí ‘amharc isteach’ i do chorp


Cogadh thar a bheith fuilteach a bhí sa Chéad Chogadh Domhanda. Fuair na milliúin saighdiúir bás agus gortaíodh i bhfad níos mó. Ach ní raibh na dochtúirí ábalta a lán daoine a shábháil. Nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda, chuir Marie stad lena cuid oibre féin leis an raidiam. Chuir sí a cuid raidiam i bhfolach agus chuaigh sí i mbun oibre. Bhí a fhios aici go ndéanfadh x-ghathanna difear an domhain do na saighdiúirí gortaithe.

Ceann de leoraithe x-gha Marie


Bhí na dochtúirí ag iarraidh x-ghathanna a úsáid le hinsint dóibh cad é a bhí cearr taobh istigh den othar. Ach ní raibh go leor de na meaisíní x-ghathanna ar fáil. Bhí smaoineamh iontach ag Marie gurbh fhéidir na meaisíní a chur i leoraí agus iad a bhogadh ó ospidéal go hospidéal. Chuidigh Marie le traenáil na ndochtúirí leis na meaisíní a úsáid. Deirtear gur shábháil sin thart ar mhilliún duine.

Marie féin ag tiomáint leoraí x-gha


I ndiaidh an chogaidh

Lean Marie lena cuid oibre i ndiaidh an chogaidh agus chuir sí aithne ar na heolaithe ba mhó ag an am, Albert Einstein, ina measc.

Marie agus cuid de na heolaithe is clúití ar domhan ag an am (Albert Einstein chun tosaigh sa lár) – amharc cá mhéad bean a bhí ann


Go mall sna 1920idí, tháinig meath ar a sláinte mar gheall ar an radaighníomhaíocht. Ní raibh a fhios ag daoine go bhfuil an radaighníomhaíocht ina cúis mhór le hailse. Tuigeann eolaithe anois go bhfuil sí contúirteach agus bíonn cosaint acu uirthi sa tsaotharlann. Fuair Marie Curie bás den ailse sa bhliain 1934.

Chuir Marie Curie Institiúid Curie ar bun sa bhliain 1921 le staidéar a dhéanamh ar ailse. Go dtí an lá inniu, tá sí ar cheann de na hinstitiúidí is mó a dhéanann staidéar ar ailse ar domhan. Is mór an oidhreacht a d’fhág Marie Curie – ospísí do dhaoine a bhfuil ailse orthu, mar shampla, agus banaltraí a chuidíonn leo. Bailíonn daoine airgead do na hospísí seo tríd lusanna an chromchinn a chur nó tríd shuaitheantais a chaitheamh.

Tá ainm Marie Curie go fóill beo tríd an obair iontach a dhéanann Carthanas Marie Curie


Le déanamh

Tá radaighníomhaíocht tábhachtach don chumhacht núicléach ach thig léi bheith contúirteach. Léigh an scéal seo faoi thaisme a tharla in Chernobyl.

Cén dóigh a dtiocfadh le cumhacht núicléach bheith úsáideach?


Creidiúintí

meas