Cluichí Oilimpeacha 2024

An 19ú Aibreán, 2024


Níl ach trí mhí le fanacht againn go dtí na Cluichí Oilimpeacha. Is comórtas domhanda iad na Cluichí Oilimpeacha, a bhíonn ar siúl gach ceithre bliana agus beidh siad ar siúl sa samhradh i bpríomhchathair na Fraince, Páras. Is seans iad do na hiomaitheoirí ar fud an Domhain a thaispeáint gurb iad is fearr.

Bhain Katie Taylor Bonn Óir amach ag na Cluichí Oilimpeacha

Cuireadh tús leis na Cluichí Oilimpeacha sa Ghréig sa bhliain 776 RC agus tosaíonn na cluichí go hoifigiúil le searmanas sa tír sin. An tseachtain seo caite, tharla an searmanas arís, in Oilimpia. Le cuidiú scátháin, úsáideadh solas na Gréine le bladhm a lasadh. Rachaidh an bhladhm seo go dtí an Fhrainc agus iompraíonn reathaithe í ar fud na tíre go dtí go dtagann sí isteach sa Staid Oilimpeach le tús a chur leis na cluichí. 

An Bhladhm Oilimpeach

Bíonn a lán spórt i gceist leis na Cluichí Oilimpeacha – bíonn an lúthchleasaíocht ann, rith agus léim, mar shampla. Bíonn comórtais san uisce fosta. Bíonn comórtais foirne ann, peil agus cispheil, mar shampla, mar aon le mionspóirt cosúil le gleacaíocht, dornálaíocht agus badmantan, i measc spóirt eile.

Tá Rhys McClenaghan ar an fhoireann gleacaíochta

Glacann Éire páirt sa chomórtas, ar ndóigh, agus tá foireann láidir á cur le chéile faoi láthair. Níl gach áit san fhoireann socraithe go fóill ach, ar na daoine ar fiú súil a choinneáil orthu, tá:

Leona Maguire

    • Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy sa rámhaíocht

    • Ciara Mageean agus Rhasidat Adeleke a bhíonn ag rith

    • Daniel Wiffen sa linn snámha

    • Kellie Harrington sa dornálaíocht

    • Rhys McClenaghan sa ghleacaíocht

    • Leona Maguire agus Rory McIlroy sa ghalf

    • Sam Bennet sa rothaíocht

Ciara Mageean agus Sam Bennet

Thar rud ar bith eile, is ceiliúradh iad na Cluichí Oilimpeacha ar an spórt agus ar na buntáistí a bhaineann leis. Cé go mbeidh buaiteoirí ann – beidh bonn óir ann don chéad áit, bonn airgid don dara háit agus bonn cré-umha don tríú háit – tá níos mó i gceist. Is onóir é do gach duine páirt a ghlacadh sna Cluichí Oilimpeacha ar son a dtíre féin.

Bonn óir, bonn airgid agus bonn cré-umha

Tosóidh na Cluichí Oilimpeacha Dé hAoine, an 26 Iúil agus críochnóidh siad Dé Domhnaigh, an 11 Lúnasa.


Le plé:

Bíonn costais mhóra ag baint leis na Cluichí Oilimpeacha agus titfidh cuid mhaith de sin ar Pháras. An rud maith é sin? Cad iad na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis na Cluichí Oilimpeacha a óstáil? Déan dhá liosta, buntáistí agus míbhuntáistí. Taispeáin do liosta le do chara. An bhfuil na rudaí céanna agaibh?


Bíonn deis ag daoine ó gach tír páirt a ghlacadh sna cluichí. An rud maith é sin nó ar chóir gan ach na tíortha is fearr páirt a ghlacadh?


Le déanamh:

An nglacann tú páirt i gceann ar bith de na spóirt atá sna Cluichí Oilimpeacha? An mbeidh tú ag amharc ar an spórt sin sna cluichí sa samhradh? Déan trácht ar an spórt a imríonn tú.


Pictiúir:

Dealbh agus comhartha Oilimpeach: kovop / Shutterstock.com

Páras agus comhartha Oilimpeach: kovop / Shutterstock.com

Bladhm Oilimpeach:Ververidis Vasilis / Shutterstock.com

Boinn: fifg / Shutterstock.com

Ciara Mageean: roibu / Shutterstock.com

Katie Taylor: lev radin / Shutterstock.com

Rhys McClenaghan: Colin McPhedran / Shutterstock.com

Sam Bennet: Gil Corzo / Shutterstock.com

Leona Maguire: mooinblack / Shutterstock.com




meas