An tSeachtain Mhór 2024

An 21ú Márta, 2024


An tseachtain seo chugainn, cuirfear tús le seachtain na Cásca. Tugtar ‘An tSeachtain Mhór’ ar an tseachtain seo nó bíonn go leor féilte tábhachtacha san fhéilire Chríostaí ann. Is é seo an liosta iomlán:


Domhnach na Pailme

Seo an lá a tháinig Íosa go hIarúsailéim ar asal. Chaith na daoine duilleoga pailme ar an talamh le fáilte a chur roimhe.


Céadaoin an Bhraith

Ciallaíonn ‘brath’ ‘feall’ nó drochrud a dhéanamh ar dhuine éigin. Ba ar an lá seo a rinne Iúdas brath ar Íosa nuair a dúirt sé leis na Rómhánaigh an dóigh a dtiocfadh leo é a ghabháil.


Déardaoin Mandála

Seo an lá a raibh an Suipéar Déanach ann. Ina dhiaidh, d’fhág Íosa na deisceabail agus ghabh na Rómhánaigh é.


Aoine an Chéasta

Fuair Íosa bás ar an chros ar an lá seo. Cuireadh é i dtuama.

Cuireadh corp Íosa i dtuama

Domhnach na Cásca

Ar an tríú lá, tháinig Íosa ar ais ó na mairbh. Déanann Críostaithe an lá seo a cheiliúradh nó léiríonn sé go bhfuil Íosa agus an creideamh nua a thug sé isteach níos láidre ná an bás.

Tá Domhnach na Cásca luath i mbliana, ar an 31ú Márta. Athraíonn an dáta don Cháisc gach bliain, ag brath ar an dáta ar a mbíonn an chéad ghealach lán i ndiaidh Chónocht an Earraigh. Bhí an cónocht ann Dé Céadaoin, an 20ú Márta, agus beidh gealach lán ann Dé Luain, an 25ú Márta. Fágann sin gurb é an Domhnach, an 31ú Márta, an chéad Domhnach eile.

Gealach lán

Beidh deireadh leis an Charghas ag Críostaithe ag an Cháisc agus bíonn béile mór acu Domhnach na Cásca. Bíonn rud cosúil leis sin ar siúl ag Moslamaigh chomh maith. Le linn Ramadan, déanann siadsan troscadh le linn uaireanta an tsolais – sin 14 uair an chloig! Tagann deireadh le Ramadan ag Eid al-Fitr agus bíonn milseáin agus bonnóga deasa ag daoine. Titeann Lá Eid ar an 9ú Aibreán i mbliana.

Bíonn bia deas ag Moslamaigh ag deireadh Ramadan

Ag an am seo den bhliain, bíonn daoine ag smaoineamh ar shíocháin agus faoin Talamh Naofa, an áit a raibh Íosa ina chónaí. Ar an drochuair, níl síocháin sa cheantar sin ag an am seo. Tá na mílte Palaistíneach ag fáil bháis sa chogadh atá Iosrael a chur ar Gaza. Níl cuma ar an scéal go mbeidh deireadh leis an chogadh go luath.

Tá cogadh ar siúl in Gaza faoi láthair


Le déanamh:

Scríobh dialann duine de dheisceabail Íosa le linn na Seachtaine Móire. Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chuir daoine fáilte roimh Íosa agus é ag teacht isteach go hIarúsailéim, mar shampla. Nó cad é mar a bhí an béile ag an Suipéar Déanach?


Faigh amach cén áit a bhfuil an Talamh Naofa. An aithníonn tú áit ar bith ansin ón Bhíobla? Déan liosta de na háiteanna.


Pictiúir:

Gaza: Anas-Mohammed / Shutterstock.com


meas