Na Sé Náisiún 2024

An 20ú Márta, 2024


Peter O’Mahony, foireann na hÉireann

Táimid idir dhá mhórchomórtas rugbaí. Dé Sathairn, bhí an bua ag fir na hÉireann ar Albain, 17-13, agus thug siad an chraobh leo. Cé go raibh gliondar ar a gcroí as seo, bhí giota beag den díomá orthu fosta nó níor bhain siad an Chaithréim Mhór – sin nuair a bhaineann foireann gach ceann de na cúig chluiche. Ar an drochuair, bhain Sasana an cluiche ina n-éadan le pointe amháin cúpla seachtain ó shin! Tá foireann Fear na hÉireann ag Uimhir 2 sa rangú idirnáisiúnta, taobh thiar den Afraic Theas, atá sa chéad áit. Beidh sraith cluichí ag Éirinn san Afraic Theas sa samhradh.

Ach ní gá duit fanacht go dtí sin le bheith ag amharc ar an tír seo ar an pháirc rugbaí. Cuirfear tús le Comórtas Sé Náisiún na mBan ag an deireadh seachtaine agus beidh Éire ag dúil le dul chun cinn a dhéanamh i mbliana. Tá foireann Ban na hÉireann ag Uimhir 10 sa rangú idirnáisiúnta agus tá na foirne eile sa chomórtas níos airde ná iad. Anuraidh, níor bhain siad cluiche ar bith sa chomórtas.

Tá athruithe móra ar an fhoireann ó shin. Tá cóitseálaí nua acu, Scott Bemand, agus d’imigh an captaen, Nichola Fryday. Tá comh-chaptaein ag an fhoireann anois, mar atá, Sam Monaghan agus Edel McMahon. Foireann óg atá ann agus níl an taithí chéanna acu agus atá ag foirne eile.

Cé nach bhfuil mórán daoine ag dúil le bua i ngach cluiche i mbliana, tá sprioc ar leith ag foireann ban na hÉireann. Más féidir leo an tríú háit a bhaint amach sa chomórtas, beidh siad cáilithe do Chorn an Domhain i Sasana i 2025.

Eve Higgins, foireann na hÉireann

Beidh an chéad chluiche ag mná na hÉireann tráthnóna Dé Sathairn i gcoinne na Fraince.

Tá foireann na Fraince iontach láidir


Le déanamh:

Seo liosta de na tíortha a bheas i gComórtas na Sé Náisiún:

Éire

Sasana

An Bhreatain Bheag

Albain

An Fhrainc

An Iodáil


Scríobh 3 rud faoi gach tír. Mar shampla, cad é nó cad iad na teangacha a labhraíonn siad, cad é an phríomhchathair, cad é an cineál bia is fearr leo?


Pictiúir:

Foireann Fear na hÉireann ina seasamh: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Liathróid: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Peter O’Mahony: Victor Velter / Shutterstock.com

Éire i gcoinne na Fraince: D. Ribeiro / Shutterstock.com

Eve Higgins: Hyserb / Shutterstock.com

Manaé Feleu: Oleksandr Osipov / Shutterstock.com



meas