Lá Idirnáisiúnta an tSonais

An 20ú Márta, 2024


An dóigh leat gur duine sona thú? Nuair a bhíonn lá breithe ann, deir muid “Sonas ort!” leis an duine sin. Ach, an gcaithfidh ócáid mhór cheiliúrtha a bheith ann le sonas a chur orainn? Nó, an mbíonn muid sona inár saol an chuid is mó den am?



Tá lá speisialta ag tarlú inniu ar fud an domhain, Lá Idirnáisiúnta an tSonais. Ach, níl baint ar bith aige le breithlá duine ar bith! Agus ní lá é le tú féin a dhéanamh compordach, gan faic a dhéanamh, ná a bheith ag smaoineamh ort féin! A mhalairt de sin atá ann, le fírinne!

(Ní lá é seo le bheith ag luí siar agus do scíth a ligean.)

Chuir na Náisiúin Aontaithe an lá seo chun cinn níos mó ná deich mbliana ó shin, agus rinneadh ceiliúradh go hoifigiúil ar an chéad Lá Idirnáisiúnta an tSonais thiar in 2013. Ach, cad é go díreach atá ann agus cad chuige a mbíonn a leithéid seo d’imeacht ag tarlú?
(Foirgneamh na Náisiún Aontaithe san Eilvéis, agus bratacha na dtíortha ar fad atá ina mbaill de na Náisiúin Aontaithe ar taispeáint taobh amuigh de.)

Bhuel, baineann Lá Idirnáisiúnta an tSonais le spriocanna na Náisiún Aontaithe. Bíonn spriocanna agaibhse ar scoil - rudaí atá le foghlaim nó le déanamh agaibh, mar shampla. Ar an dóigh chéanna, tá cúpla sprioc mhór ag na Náisiúin Aontaithe
- síocháin agus sábháilteacht a chothú ar fud na cruinne, agus
- folláine na ndaoine a chur chun cinn.



Leis na spriocanna seo a bhaint amach, déanann na Náisiúin Aontaithe iarracht gach tír a chur ag comhoibriú lena chéile. Ar an drochuair, níl sin furasta le déanamh!

(Ar an drochuair tarlaíonn cogadh go fóill inár ndomhan. Seo cuid den scrios a rinneadh ar an Phalaistín ar na mallaibh.)

Creideann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil sé de cheart ag gach duine bheith “sona”, ach bíonn an sonas ag brath ar chearta agus deiseanna eile a bheith ar fáil agat. Mura mbíonn teacht agat ar otharlann, ná ar dhochtúirí agus ar bhanaltraí má bhíonn tú tinn, is beag an seans go mbeidh sonas ort. Mura mbíonn deis agat dul ar scoil chun oideachas a fháil, is beag seans go mbeidh jab maith agus go leor airgid agat nuair a bheidh tú fásta aníos. Cuireann an easpa deiseanna sin isteach ar an seans a bhíonn ag a lán daoine bheith sona.

(gasúr san India - grianghraf le clicksabhi/Shutterstock.com) 

Mar sin, baineann an sonas le cothromas a bheith ann ar an domhan seo idir gach duine. Is é sin an fáth a ndéantar an lá seo a cheiliúradh inniu ar an Chónocht - nuair a bhíonn an lá agus an oíche chomh fada lena chéile. Mar sin de, bíonn méid chothrom den solas agus den dorchadas ag gach duine ar domhan ar an Chónocht. (Thig leat níos mó eolais a fháil ar an chónocht san alt seo.)


Creideann na Náisiúin Aontaithe go mbeidh muid uilig níos sona má chuidímid lena chéile le bheith sásta. Dhá rud shimplí is féidir leat a dhéanamh inniu le cuidiú leis an sonas a scaipeadh ná,
😃 dea-scéala a roinnt le gach duine (bíodh sin ón Nuacht, nó dea-scéala uait féin) agus ná bí ag scaipeadh droch-scéala. Spreagann dea-scéalta muid, ach baineann droch-scéalta den sonas s’againn.
😃 Mol daoine eile. Tabhair focail mholta dá oiread duine agus is féidir leat inniu. Cuirfidh sé sin áthas ar dhaoine eile agus tógfaidh sé do chroí féin.


Le plé nó le déanamh
Cad iad na rudaí i do shaol a chuireann sonas ort?

An síleann tú gur féidir leat bheith sona leat féin? Nó an mbíonn sonas gach duine ag brath ar dhaoine eile?

Tarraing póstaer le Lá Idirnáisiúnta an tSonais a fhógairt. Cad iad na príomhphointí eolais a chuirfidh tú ar do phóstaer? (Thig leat seo a dhéanamh i ngrúpa.)

Mar ghrúpaí i do rang, breac síos na rudaí is mó atá de dhíth ar dhaoine le bheith sona, dar libh. Ansin, déan comparáid idir na smaointe atá ag na grúpaí éagsúla. An ionann na smaointe atá agaibh? An bhfuil ceann ar bith difriúil ag grúpa eile? Anois, an féidir libh na smaointe a chur in ord tábhachta? Cé acu rud is mó a chuideoidh le daoine bheith sona?



meas