Beidh an tSeachtain Mhór ann an tseachtain seo chugainn. Sin an fhéile is mó sa Chríostaíocht agus díríonn an tseachtain ar bhás Íosa agus a aiséirí ar Dhomhnach na Cásca. Beidh deireadh leis an Charghas agus beidh bia deas ag daoine. Bíonn uibheacha Cásca againn agus cáca Cásca, ar ndóigh, ach tá bia amháin ann a bhfuil stair spéisiúil ag baint leis – crosbhorróga.
Is borróga milse iad na crosbhorróga a bhíonn lán de thorthaí agus spíosraí agus bíonn cros marcáilte orthu. Itear na crosbhorróga go traidisiúnta ar Aoine an Chéasta i gcuimhne ar an bhás a bhí ag Íosa ar an chros. Deirtear gur thosaigh an traidisiún sa bhliain 1361 le manach a thug amach na borróga do dhaoine bochta ar Aoine an Chéasta. Bhí na borróga chomh blasta sin gur lean daoine de bheith á ndéanamh ó shin.
Manach
Baineann piseoga leis na crosbhorróga. Sa seanam, chreid daoine go gcuideodh píosa den chrosbhorróg le daoine a bhí tinn. Nó go gcoinneodh ceann acu daoine slán agus iad ag dul thar lear i long. Chreid daoine chomh maith nach rachadh crosbhorróga a rinneadh ar Aoine an Chéasta ó mhaith. B’fhéidir go raibh siad chomh blasta sin nach MAIRFEADH siad fada go leor le dul ó mhaith!
Bíonn im, uibheacha, plúr, siúcra, torthaí agus spíosraí i gcrosbhorróga
Thig leat crosbhorróg a ithe léi féin ach is maith le daoine áirithe í a théamh agus cnapán ime a chur uirthi chomh maith. Sa lá inniu, tá go leor blasanna ar fáil sna siopaí, oráiste, seacláid nó úll, mar shampla, ach is maith lena lán daoine a gcuid crosbhorróg féin a dhéanamh sa bhaile.
Le déanamh:
An dtig leat smaoineamh ar bhianna eile atá ceangailte le creideamh. Mar shampla, sa phaidir ‘Ár nAthair’, tá an líne ‘ár n-arán laethúil, tabhair dúinn inniu’. Tá go leor scéalta sa Bhíobla ina luaitear bia. In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta agus, ag an deireadh, cuirigí na liostaí i gcomparáid lena chéile.
Má thosaigh an traidisiún seo sa bhliain 1361, cá mhéad bliain atá sé ag dul anois?
Luaitear piseoga san alt. Deirtear go raibh muintir na hÉireann i gcónaí piseogach (chreid siad sna sióga, mar shampla.) Mar rang an dtig libh smaoineamh ar phiseoga eile atá nó a bhí ann in Éirinn go ginearálta, nó sa cheantar s’agaibh féin?