Cuireadh tús le séasúr nua Fhoirmle 1 i mBairéin ag an deireadh seachtaine. Bhí bua ag Max Verstappen, an té a bhain an chraobh anuraidh. Is minic a théann carranna Fhoirmle 1 chomh gasta le 370km san uair. Sin cosúil le tiomáint ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath – AGUS ar ais, taobh istigh de 53 nóiméad! Sin dá mbeadh bóthar iomlán díreach ann, ar ndóigh!
Ní bhíonn mórán idir na carranna, go minic
Is mór an t-athrú a tháinig ar an ‘Grand Prix’ ó cuireadh tús leis sa bhliain 1950. Ag an am, ní raibh ach seacht rás ann. Faoi láthair, tá 24 rás ann, ó mhí Mhárta go dtí mí na Nollag. Agus bíonn na rásaí anois i ngach cearn den domhan, ó Shasana, go dtí an Astráil, an tSín, Meicsiceo agus an Bhrasaíl, mar shampla.
Max Verspatten, buaiteoir 2023
Ní gnáth-charranna, ar ndóigh, a bhíonn ag rásaíocht thart ar an chiorcad. Is carranna speisialta iad nach féidir ach an tiománaí suí isteach iontu. (Deir daoine áirithe nach bhfuil ann ach cairtín le hinneall mór!) Cuireann gach foireann a gcarranna féin le chéile agus bíonn siad á n-athrú i rith an ama.
Cairtín
Seans maith gur chuala tú cuid d’ainmneacha na dtiománaithe is clúití – Lewis Hamilton, Max Verstappen agus Fernando Alonso, ach bíonn i bhfad níos mó daoine ná sin páirteach i ngach foireann. Bíonn na hinnealtóirí ann a thógann agus a dheisíonn na carranna, bíonn straitéisithe ann a thugann comhairle do na tiománaithe le linn an rása agus roimh ré agus bíonn meicneoirí ann.
Meicneoirí
Tá jab iontach tábhachtach ag na meicneoirí nó bíonn ar na tiománaithe stopadh ar a laghad uair amháin gach rás leis na boinn a athrú agus le rudaí atá briste a dheisiú. Le boinn a athrú, caithfidh an carr stopadh, ardaítear é le go dtig leis na meicneoirí na seanbhoinn a bhaint agus caithfear na boinn úra a chur isteach. Creid é nó ná creid ach is féidir leis an fhoireann meicneoirí seo uilig a dhéanamh taobh istigh de 2.5 soicind!
Straitéisithe
Agus bíonn tábhacht leis na soicindí beaga seo nó is féidir leat rás a bhaint de roinnt milleasoicindí.
Le déanamh:
Aimsigh na tíortha atá luaite san alt ar léarscáil nó atlas. Cé acu tír is faide ar shiúl ó Éirinn? Úsáid rialóir le cuidiú leat.
Ar thiomáin tú cairtín riamh? An cleachtadh maith é le bheith i do thiománaí Fhoirmle 1, dar leat? Déan trácht.
Le plé:
An sampla maith é Foirmle 1 do dhaoine ag am a bhfuilimid ag smaoineamh ar ghearradh siar ar an mhéid tiomána agus eitiltí a dhéanaimid le stop a chur le téamh domhanda?
Pictiúir:
Pit stop: Abdul Razak Latif / Shutterstock.com
Chicane: Ev. Safronov / Shutterstock.com
Max Verstappen: cristiano barni / Shutterstock.com
Lewis Hamilton: Jay Hirano Photography / Shutterstock.com
Foireann McLaren: Jay Hirano Photography / Shutterstock.com