Bainisteoirí na hÉireann

An 4ú Márta, 2024



Ceapadh bainisteoir nua ar fhoireann fear na hÉireann le déanaí. Ach ní ceapachán buan atá ann nó fógróidh Cumann Peile na hÉireann an bainisteoir lánaimseartha i mí Aibreáin. Tugadh bata agus bóthar do Stephen Kenny nuair a tháinig deireadh lena chonradh anuraidh.

John O’Shea

Ní bheidh ach dhá chluiche ag John O’Shea i mí Mhárta agus is cluichí cairdiúla iad beirt. Ach beidh daoine ag súil leis go mbeidh feabhsú mór ar an fhoireann sna míonna amach romhainn. Níor éirigh go rómhaith leis an fhoireann le bliain nó dhó anuas. Sna cluichí cáilíochta do Chorn na hEorpa, níor bhain siad cluiche ar bith seachas na cinn in éadan Ghiobráltar. Níl ach 32,688 duine ina gcónaí i nGiobráltar!

Séamus Coleman: an mbeidh sé ar ais san fhoireann?

D’imir John O’Shea 118 uair d’Éirinn agus bhí sé ina bhainisteoir ar an fhoireann faoi 21. Tá súil ag Cumann Peile na hÉireann go mbeidh duine mór le rá acu don phost bhuan agus luaitear ainm Lee Carsley mar dhuine a bheadh fóirsteanach dóibh. D’imir Carsley d’Éirinn agus tá sé anois ina bhainisteoir ar fhoireann faoi 21 Shasana. Idir an dá linn, tá John O’Shea ag ullmhú na foirne don dá chluiche atá roimhe, in éadan na Beilge agus na hEilvéise. Cluiche in éadan Shasana an chéad chluiche a bheas ag foireann fear na hÉireann i Sraith EUFA i mí Mheán Fómhair.

Foireann ban na hÉireann

Tá rudaí i bhfad níos fearr ag foireann na mban faoin bhainisteoir nua acusan, Eileen Gleeson. Cé gur buaileadh iad 2-0 sa chluiche in éadan na Breataine Bige an tseachtain seo caite, ba é sin an chéad chailleadh a bhí acu le naoi gcluiche. Beidh foireann ban na hÉireann ag ullmhú do Chraobh na hEorpa a bheas ar siúl san Eilvéis agus déanfar an tarraingt amárach, an 5ú Márta, lena fháil amach cén grúpa ina mbeidh gach foireann. Má bhíonn an t-ádh orthu, ní bheidh siad sa ghrúpa chéanna leis an Spáinn, a bhain Corn an Domhain anuraidh, ná Sasana a bhí sa chluiche ceannais chomh maith.

Louise Quinn ag imirt d’Éirinn


Le déanamh:

Ar léarscáil nó atlas, aimsigh na tíortha atá luaite san alt seo.


Le plé:

Bhain an Spáinn Corn an Domhain anuraidh agus is iadsan rogha na coitiantachta do Chorn na hEorpa. Ciallaíonn ‘rogha na coitiantachta’ go síleann a lán daoine go mbainfidh siadsan. An rud maith é sin? An gcuideoidh sé leis an Spáinn sa chomórtas nó an drochrud é. Mínigh do fhreagra.


Pictiúir:

Foireann ban na hÉireann: katatonia82 / Shutterstock.com

Lousie Quinn: katatonia82 / Shutterstock.com

John O’Shea (ard): D. Ribeiro / Shutterstock.com

John O’Shea (gáire): D. Ribeiro / Shutterstock.com

Séamus Coleman: D. Ribeiro / Shutterstock.com


meas